Comhordaitheoir Forbartha Scileanna
Leibhéal Oifigigh Feidhmiúcháin
Lánaimseartha Buan
Maidir le Fís Éireann
Táimid ag lorg Tallann nua i bhFís Éireann chun cur lenár bhfoireann a bhíonn ag fás i gcónaí. Beidh tú mar chuid de phobal cumasach d’fhostaithe a bhfuil sé mar mhisean agus mar phaisean acu cur le agus tacú le forbairt thionscail Scannánaíochta, Drámaíocht Teilifíse, Beochana, Cláir Faisnéise, Maisíochtaí Físe agus Cluichíochta na hÉireann.
Mar ghníomhaireacht náisiúnta do thionscal scannánaíochta, drámaíochta teilifíse, beochana agus cláir faisnéise na hÉireann, is é Fís Éireann comhpháirtí cruthaitheach na hearnála, a infheistíonn i dtallann, ildánacht agus fiontar. Faighimid spreagadh ó bhunscéalaíocht a chorróidh an lucht féachana go mothúchánach sa bhaile agus i bhfad i gcéin. Trí réimse leathan tacaíochtaí maoinithe praiticiúla um fhorbairt, léiriú, dáileachán, cur chun cinn agus forbairt scileanna, tugann Fís Éireann tacaíocht don earnáil ag gach céim. Tugaimid tacaíocht do dhéantóirí scannán agus iad i mbun scéalta ealaíonta, cultúrtha agus tráchtála a roinnt go cruthaitheach ar an scáileán.
Forbhreathnú ar an bhFeidhm
Cuireann an Roinn Scileanna agus Forbartha Gairmiúla réimse leathan cúrsaí, clár agus imeachtaí ar fáil chomh maith le tacaíochtaí maoinithe agus tionscnaimh earnála chun tacú le daoine aonair ag gach céim dá ngairmréim agus chun forbairt fhadtéarmach a chumasú in earnáil Scáileáin atá rathúil agus inbhuanaithe. Ar a bhfuil le tairiscint againn, tá gearrchúrsaí, modúil ar líne, meantóireacht, socrúcháin oibre, teastais agus dioplómaí. Cuirimid maoiniú ar fáil freisin le haghaidh Sparánachtaí, Imeachtaí Forbartha Scileanna, agus Tionscnaimh foghlama níos mó trínár gClár do Pháirtithe Leasmhara. Ina theannta sin, reáchtálaimid go leor tionscnamh earnála lena n-áirítear tionscadail maidir le: Intleacht Shaorga; bunachar sonraí le haghaidh Foirne agus Seirbhísí Scáileáin; Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht, agus Ionchuimsitheacht, Ag Cothú Caidreamh leis an gCéad Ghlúin Eile, líonra an Acadaimh Náisiúnta Tallainne, Aitheantas don Réamhfhoghlaim, Inbhuanaitheacht agus Cothromaíocht Oibre is Saoil.
Is mian linn duine atá cáilithe go cuí a fhostú don ról mar Chomhordaitheoir Forbartha Scileanna chun an post a chlúdach ar bhonn conartha lánaimseartha. Oibreodh a té a fhostófar go díreach leis an gCeannasaí Scileanna agus Forbartha Gairmiúla agus leis an bhFoireann/Roinn Forbartha Scileanna.
Forléargas ar an Ról
Cuirfidh an Comhordaitheoir Forbartha Scileanna tacaíocht ríthábhachtach riaracháin, lóistíochtúil agus eagraíochtúil ar fáil d’fhonn pleanáil, comhordú, agus forfheidhmiú éifeachtach chláir Fhís Éireann a chinntiú. Chomh maith leis sin, beidh ar an té a fhostofar tionscadail a bhainistiú, riar scéimeanna maoinithe a éascú, maoirsiú a dhéanamh ar lóistíocht imeachtaí, agus idirchaidreamh a dhéanamh idir ranna chun tacú leis an bhfeabhsú leanúnach ó thaobh soláthar seirbhísí de. Éilíonn an ról seo cur chuige réamhghníomhach pointeáilte chun tacú le spriocanna na roinne, chun comhoibriú a chothú, agus chun eispéiris ardchaighdeáin a sholáthar do ghairmithe na hearnála.
Grád an Phoist
Táthar ag súil, chun go mbeadh na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha ann don phost, go mbeidh an Comhordaitheoir Forbartha Scileanna ar leibhéal an Chéad Phointe.
Línte/Línte Tuairiscithe
Tuairisceoidh an Comhordaitheoir Forbartha Scileanna go díreach don Cheannasaí Forbartha Scileanna.
Príomhfhreagrachtaí
Tacaíocht & Comhordú Foirne
- Comhoibriú go dlúth leis an gCeannasaí Scileanna agus Forbartha Gairmiúla agus leis an bhfoireann forbartha Scileanna níos leithne chun tacú le cuspóirí foirne agus chun cur le forbairt seirbhísí laistigh den earnáil.
- Tacaíocht chuimsitheach riaracháin, lóistíochtúil, agus eagraíochtúil a chur ar fáil ar fud na foirne Scileanna agus punann tionscadal a bhainistiú chun cur le cumais agus inniúlachtaí na foirne.
Comhordú Cúrsaí agus Imeachtaí
- Maoirsiú a dhéanamh ar riar na gcúrsaí agus na n-imeachtaí ar an láthair agus ar líne, lena n-áirítear faisnéis a uaslódáil ar líne, iarratais agus íocaíochtaí a bhainistiú, agus ionaid, cúrsaí lónadóireachta, cainteoirí, agus cúrsaí lóistíochta a chomhordú.
- Tacaíocht riaracháin agus comhordúcháin a sholáthar le haghaidh seimineáir ghréasáin ar líne, lena n-áireofaí ceisteanna a fhreagairt agus bheith ag freastal ar riachtanais theicniúla.
- Dearadh agus reáchtáil imeachtaí scileanna agus imeachtaí do pháirtithe leasmhara, lena gcuirfí chun cinn forbairt na hearnála, a stiúradh.
Bailiú Sonraí & Tuairisciú
- Sonraí ó fhoinsí inmheánacha agus seachtracha a thiomsú agus a anailísiú chun tuairiscí a ullmhú agus nuashonruithe a sholáthar i dtaobh príomh-mhéadrachta.
- Sonraí a bhailiú ó bhaill foirne, ó Acadaimh Náisiúnta Tallainne, agus ó fhoinsí eile nach iad lena n-úsáid mar bhonn eolais faoi thuairiscí don Bhord agus chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna a cuireadh. Cabhrú le teimpléid agus próisis tuairisce a chomhdú, a chomhroinnt, agus a fheabhsú.
- Tacú leis an bpróiseas bliantúil agus ráithiúil pleanála agus athbhreithnithe don Fhoireann Scileanna.
Riar Airgeadais
- Orduithe ceannaigh a phróiseáil agus cruinneas a chinntiú, sula gcuirfí ar aghaidh iad lena bhfaomhadh.
- Ainm a chur le sonraisc le haghaidh próiseáil íocaíochtaí agus cabhrú le pleanáil bhliantúil bhuiséid agus tuairiscithe airgeadais.
- Cabhrú leis an bhfoireann agus iad ag dul i dtaithí ar chórais agus próisis úra airgeadais i gcomhar leis an bhFoireann Airgeadais.
Tacaíocht Fáilteachais
- Seirbhís fáilteachais atá fáilteach agus freagrúil a chur ar fáil, aghaidh a thabhairt ar cheisteanna ginearálta agus cláir, fáilte a chur roimh chuairteoirí, agus an deasc fáiltithe a chlúdach ó am go chéile d’Fhís Éireann.
Riar na Scéimeanna Maoinithe
- Tacú le riar na scéimeanna maoinithe, lena n-áireofaí sparánachtaí, meantóireacht, agus imeachtaí forbartha scileanna.
- Freagairt do cheisteanna faoi scéimeanna, athbhreithniú a dhéanamh ar incháilitheacht iarratas, cruinnithe painéil a eagrú, miontuairiscí a ghlacadh, cinntí a chur in iúl d’iarratasóirí, agus próiseáil íocaíochtaí agus rianú dul chun cinn a bhainistiú.
Comhordú Cruinnithe
- Croí-chruinnithe de chuid an Fhochoiste Scileanna agus croí-chruinnithe eagraíochtúla eile a chomhordú, cúrsaí sceidealaithe a láimhseáil, cláir oibre a ullmhú, miontuairiscí a ghlacadh, agus idirchaidreamh a dhéanamh le cathaoirligh cruinnithe.
- Gnéithe lóistíochtúla a bhainistiú amhail seomraí cruinnithe a chur in áirithe agus cúram a dhéanamh de shocruithe lónadóireachta de réir mar is gá.
Bainistíocht Tionscadal
- Tionscadail a stiúradh a mbeadh sé mar aidhm acu seachadadh seirbhísí, éifeachtúlacht foirne, agus éifeachtacht a fheabhsú, lena n-áireofaí:
- Tacú le forfheidhmiú Chóras úr um Bainistiú Foghlama (i gcomhar le conraitheoirí tríú páirtí).
- Próisis tuairiscithe sruthlínithe a fhorbairt.
- Imeachtaí do pháirtithe leasmhara a phíolótú.
- Ardáin ar líne agus uirlisí Intleachta Saorga a bhféadfaí leas a bhaint astu a mheas.
Tacaíocht & Forbairt Chóras
- Dul i gcomhairle le forbróirí, conraitheoirí agus úsáideoirí chun feidhmiú agus feabhsú na gcóras éagsúla a chinntiú (m.sh. Bunachar Sonraí Foirne agus Seirbhísí, Modúil ‘Sábháilte le Cruthú’, ASTARS).
- Aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna úsáideoirí, oibriú le forbróirí chun fabhtcheartú a dhéanamh agus tuairiscí úsáide a chur le chéile.
- Tacú le forbairt fhorchéimnitheach chóras i gcomhar le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha, le lucht TF agus le húsáideoirí deiridh.
Comhoibriú Tras-rannach
- Comhoibriú le ranna eile, lena n-áireofaí an Roinn Airgeadais, an Roinn Margaíochta, an Roinn Gnó agus Dlí, an Roinn Léiriúcháin agus Forbartha, agus an Roinn Forbartha Intí, d’fhonn ailíniú a chinntiú i dtaca le tionscnaimh trasfheidhme.
- Tacaíocht a sholáthar don fhoireann Scileanna le linn buaic-amanna agus saoirí.
Bunriachtanais
- Cáilíocht ábhartha ag leibhéal céime (nó a comhionann).
- Taithí 3 bliana ar a laghad i ról comhordaithe agus riaracháin den chineál céanna, i réimse na forbartha scileanna, san oideachas, san earnáil phoiblí nó i réimse na n-ealaíon agus an chultúir, más féidir.
- Taithí léirithe ar imeachtaí, cúrsaí oiliúna, nó cláir a phleanáil, a eagrú, agus a bhainistiú, lena n-áirítear cúrsaí lóistíochtúla, bainistiú rannpháirtithe, agus tacaíocht d’imeachtaí ar an láthair/ar líne a chomhordú.
- Taithí chruthaithe ar thionscadail a bhainistiú nó ar thacaíocht a thabhairt do thionscadail ón uair a chuirtear tús leo go dtí go gcuirfear i gcrích iad, lena n-áirítear amlínte a shocrú, páirtithe leasmhara a chomhordú, agus dul chun cinn a rianú.
- Inniúlacht ar úsáid uirlisí TF de chuid Office (m.sh. MS Word, Excel, Teams, Zoom, córais Acmhainní Daonna agus airgeadais, bunachair sonraí, go háirithe agus idirchaidreamh ar bun le lucht TF nó le díoltóirí tríú páirtí chun dul i ngleic le fadhbanna agus le feabhsúcháin theicniúla a dhéanamh, mar aon le bheith ag tacú le baill foirne agus iad ag úsáid na gcóras seo.
- Taithí ar an gcomhoibriú idir ranna agus le comhpháirtithe seachtracha, ar chumarsáid a bhainistiú, agus ar aghaidh éifeachtach a thabhairt ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara.
- Eolas ar phróisis airgeadais, lena n-áirítear orduithe ceannaigh a dhéanamh amach, sonraisc a phróiseáil, tacú le bainistiú buiséid, i gcomhthéacs na hearnála poiblí nó deontaschúnta, más féidir.
Príomhscileanna / Príomhinniúlachtaí
- Scileanna eagrúcháin agus bainistithe ama den scoth, agus cumas go leor tosaíochtaí agus tionscadal a láimhseáil.
- Cur chuige pointeáilte i leith tascanna, go háirithe agus sonraí, cúrsaí airgeadais, agus cáipéisí á mbainistiú aige/aici.
- Scileanna láidre anailíse agus cumas córais agus próisis a fheabhsú ar bhonn leanúnach.
- Scileanna láidre cumarsáide, idir scríofa agus labhartha, agus cumas faisnéis a chur in iúl go soiléir agus go gairmiúil do spriocphobail éagsúla.
- Ardleibhéal d’éirim mhothúchánach agus de ghairmiúlacht, agus cumas caidrimh dhearfacha a fhorbairt agus seirbhís fháilteach a chur ar fáil.
- Réamhghníomhach i dtaca le dúshláin a shainaithint agus réitigh éifeachtacha a mholadh, go háirithe agus imeachtaí á mbainistiú nó fadhbanna teicniúla á láimhseáil.
- Compordach agus é/í ag obair i dtimpeallacht dhinimiciúil, agus é/í ag obair as a stuaim féin, agus nuair atá sé/sí ag dul i dtaithí ar thosaíochtaí roinne a thiocfadh chun cinn
Tréithe Inmhianaithe
- Eolas ar Earnáil Scáileáin na hÉireann agus/nó ar an earnáil chultúir níos leithne.
- Toilteanas fanacht ar an eolas maidir leis na dea-chleachtais is fearr i leith fhorbairt scileanna, bhainistiú imeachtaí, agus phróisis na hearnála poiblí chun cur go héifeachtach leis na spriocanna a thiocfaidh chun cinn sa roinn.
- Spéis i bhforbairt oiliúna, foghlama, scileanna agus daoine lena n-áireofaí d’fhéinfhorbairt féin
- Tiomantas tacaíocht a thabhairt don Earnáil Scáileáin.
- Chuirfí fáilte faoi leith roimh oiliúint agus/nó taithí ar an mBainistíocht Tionscadal agus/nó ar an Smaointeoireacht Deartha.
- Dearcadh spreagtha dinimiciúil cumasach agus a bheith in ann oibriú faoi bhrú agus dearcadh gairmiúil agat.
- Cur chuige nuálach, cruthaitheach agus fiontraíoch i leith tionscnaimh nua a fhorbairt.
- Duine a dtaitneodh sé leis nó léi córais agus próisis a fheabhsú agus a fhorbairt.
- Cur chuige réamhghníomhach, comhoibríoch i leith na hoibre, leis an gcumas tacú le sreabhadh oibre agus próisis éifeachtacha.
- Tá cumas sa Ghaeilge inmhianaithe.
I gcomhréir le Creat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tabharfaidh iarrthóirí faoi mheasúnú agus cuirfear faoi agallamh iad ina ndíreofar ar na Croí-Inniúlachtaí seo a leanas:
- Bainistíocht Daoine
- Anailís agus Cinnteoireacht
- Seachadadh Torthaí
- Scileanna Cumarsáide
- Saineolas, Oilteacht agus Féinfhorbairt.
- Tiomantas agus Díograis do Luachanna na Seirbhíse Poiblí
* Ba chóir go mbeadh tuiscint chuimsitheach ag an iarrthóir ar phrionsabail an chomhionannais, na héagsúlachta agus na hionchuimsitheachta agus ba chóir go léireodh sé/sí tiomantas do na luachanna sin a chur chun cinn agus a neadú laistigh d’Fhís Éireann. Áirítear leis seo cultúr ionchuimsitheach a chothú agus éagsúlacht a chur chun cinn i ngach gné de chleachtais agus de phróisis chinnteoireachta Fhís Éireann.
Níl sé beartaithe go gcuimseoidh an sainchuntas poist liosta cuimsitheach de ghníomhaíochtaí, dualgais nó freagrachtaí. D’fhéadfadh sé go sannfaí dualgais bhreise bunaithe ar riachtanais oibríochtúla gnó.
Sonraí faoin bPost
- Tá an post seo ar leibhéal Oifigigh Feidhmiúcháin agus is é an tuarastal €36,544 in aghaidh na bliana. Líonfar an ról seo de réir an Bheartais Íocaíochta Poiblí ar an gcéad phointe den Scála Tuarastail ach gurb é go gceaptar an t-iarratasóir rathúil ó ról reatha san earnáil phoiblí. Cur i bhfeidhm Choigeartuithe Pá an 1 Deireadh Fómhair 2024
- Is ar chonradh buan lánaimseartha a thairgfear an post seo.
- Beidh ar an iarratasóir rathúil Cód Iompair Fhís Éireann a shíniú.
- Beidh tréimhse phromhaidh 6 mhí i gceist leis an ról.
- Tuairisceoidh sé nó sí go díreach don Cheannasaí Scileanna agus Forbartha Gairmiúla.
- D’fhéadfadh an post a bheith lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
- Saoire bhliantúil (gan laethanta saoire bainc san áireamh) de 23 lá pro rata.
- Dáta Tosaithe chomh luath agus is féidir.
Incháilitheacht chun dul san iomaíocht agus srianta áirithe ar incháilitheacht
Riachtanais Saoránachta. Ní mór d'Iarrthóirí Incháilithe:
- A bheith ina saoránach den Limistéir Eorpach Eacnamaíoch. Tá an LEE comhdhéanta de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua;
- A bheith ina saoránach den Ríocht Aontaithe (RA);
- A bheith ina saoránach de chuid na hEilvéise de bhun an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis maidir le saorghluaiseacht daoine; nó Saoránach neamh-LEE a bhfuil víosa le stampa uimhir 4 nó víosa le stampa uimhir 5 aige/aici.
Chun cáiliú ní mór d'iarrthóirí a bheith incháilithe faoin dáta a thairgtear aon phost.
Próiseas Iarratais
Tugtar cuireadh d’iarratasóirí a bhfuil spéis acu sa ról CV mionsonraithe ina leagfaí béim ar thaithí ábhartha mar aon le litir chumhdaigh a chur isteach go hiomlán faoi rún trí chliceáil ar nasc na bhfolúntas ar ár suíomh idirlín faoi 5.00i.n., an 6 Eanáir 2025.
Mar chuid de do litir chumhdaigh, ba cheart duit na scileanna agus an taithí atá agat a chomhlíonann riachtanais an phoist a leagan amach. Beidh na hiarratais go huile agus go hiomlán faoi rún. I gcomhréir le Creat Inniúlachtaí na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tabharfaidh iarrthóirí ar an ról seo faoi mheasúnú agus cuirfear faoi agallamh iad ina ndíreofar ar, ach gan a bheith teoranta do,
Chreat inniúlachta na seirbhíse poiblí do Leibhéal Oifigigh Feidhmiúcháin.
D’iarrfaimis ar gach iarratasóir litir chumhdaigh a chur isteach mar chuid dá iarratas. Iarrtar ort sa litir chumhdaigh na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt:
- An bhfuil cáilíocht ábhartha agat ag leibhéal céime (nó a comhionann)?
- An bhfuil taithí 3 bliana ar a laghad agat i ról comhordaithe agus riaracháin den chineál céanna?
- An bhfuil taithí agat ar imeachtaí, cúrsaí oiliúna, nó cláir a phleanáil, a eagrú, agus a bhainistiú, lena n-áirítear cúrsaí lóistíochtúla, bainistiú rannpháirtithe, agus tacaíocht d’imeachtaí ar an láthair/ar líne a chomhordú?
- An bhfuil taithí agat ar thionscadail a bhainistiú nó ar thacaíocht a thabhairt do thionscadail ón uair a chuirtear tús leo go dtí go gcuirfear i gcrích iad, lena n-áirítear amlínte a shocrú, páirtithe leasmhara a chomhordú agus dul chun cinn a rianú?
- An bhfuil inniúlacht agat ar úsáid uirlisí TF de chuid Office (m.sh. MS Word, Excel, Teams, Zoom, córais Acmhainní Daonna agus airgeadais, bunachair sonraí, go háirithe agus idirchaidreamh ar bun le lucht TF nó le díoltóirí tríú páirtí chun dul i ngleic le fadhbanna agus le feabhsúcháin theicniúla a dhéanamh, mar aon le bheith ag tacú le baill foirne agus iad ag úsáid na gcóras seo?
- An bhfuil taithí agat ar an gcomhoibriú idir ranna agus le comhpháirtithe seachtracha, ar chumarsáid a bhainistiú, agus ar aghaidh éifeachtach a thabhairt ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara?
- An bhfuil eolas agat ar phróisis airgeadais lena n-áirítear orduithe ceannaigh a dhéanamh amach, sonraisc a phróiseáil, agus tacú le bainistiú buiséid, go háirithe i gcomhthéacs earnála poiblí nó deontaschúnta?
Ní chuirfear iarratasóirí nach bhfreagraíonn na ceisteanna riachtanacha ina litir chumhdaigh ar an ngearrliosta.
Is fostóir comhdheiseanna é Fís Éireann agus tá sé tiomanta ionad oibre cuimsitheach a chothú a chuireann luach ar éagsúlacht na foirne oibre agus a bhaineann tairbhe as an éagsúlacht chéanna. Tá Fís Éireann faoi choimirce na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt, agus Meán.
Tiomantas don Chomhionannas, Éagsúlacht agus don Ionchuimsitheacht
Tá Fís Éireann tiomanta do rath an tionscail amach anseo trí infheistíochtaí straitéiseacha i dtallann agus i scileanna a bhfuil éagsúlacht, cothromas agus ionchuimsiú ag a gcroílár. Tuigimid go bhfuil sé ríthábhachtach cultúr dearfach a chothú, agus luachanna cothroime, inbhuanaitheachta, éagsúlachta, cothromais agus ionchuimsitheachta mar bhonn agus mar thaca aige, chun tallann a mhealladh agus a choinneáil.
Mar eagraíocht ionchuimsitheach, oibrímid go gníomhach i dtreo éagsúlacht agus ionchuimsiú a chur chun cinn ar fud na hearnála scáileáin ar fad. Cinntíonn ár gcur chuige ionchuimsitheach maidir le hacmhainn a thógáil go bhfuil gach tionscnamh deartha le go mbeidh sé inrochtana do chách, rud a léiríonn ár dtiomantas do thionscal éagsúil agus cothrom. Inár ngníomhaíochtaí earcaíochta, tugaimid tús áite d'fhórsa saothair a chruthú a léiríonn éagsúlacht agus comhionannas, ag leagan síos tagarmharc nua le haghaidh barr feabhais agus uilechuimsitheachta. Cuireann Fís Éireann fáilte roimh chách a bheith linn ar an aistear seo i dtreo tionscal scáileáin a mhúnlú a cheiliúrann tallann chomhchoiteann agus an neart atá le fáil san éagsúlacht.
An bhfuil socruithe breise/malartacha ag teastáil uait?
Má theastaíonn socruithe breise/malartacha uait dár bpróiseas earcaíochta nó má tá aon cheist agat faoi inrochtaineacht, déan teagmháil lenár bhFoireann Acmhainní Daonna mar atá sonraithe san fhógra poist ábhartha ar ár leathanach Folúntais.
Buntáistí ag Fís Éireann- Pá Saoire Máithreachais/Saoire Uchtála.
- Pá Saoire Atharthachta.
- Saoire Tuismitheora
- Saoire Bhreoiteachta Íoctha
- Saoire Mhéala agus Atruach
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Obair Chumaisc (faoi réir róil)
| - Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Cúnamh Oideachasúil
- Pinsean Ranníocach
- Clár Cúnaimh d'Fhostaithe
- Saoire Phósta
- Taxsaver
- Scéim na Rothar chun Oibre
|