Teideal an Phoist: Feidhmeannach Forbartha
Leibhéal Ard-Oifigigh Feidhmiúcháin
Lánaimseartha, Téarma Seasta (4-6 mhí)
Maidir le Fís Éireann
Táimid ag lorg Tallann nua i bhFís Éireann chun cur lenár bhfoireann a bhíonn ag fás i gcónaí. Beidh tú mar chuid de phobal cumasach d’fhostaithe a bhfuil sé mar mhisean agus mar phaisean acu cur le agus tacú le forbairt thionscail Scannánaíochta, Drámaíocht Teilifíse, Beochana, Cláir Faisnéise, Maisíochtaí Físe agus Cluichíochta na hÉireann.
Mar ghníomhaireacht náisiúnta do thionscal scannánaíochta, drámaíochta teilifíse, beochana agus cláir faisnéise na hÉireann, is é Fís Éireann comhpháirtí cruthaitheach na hearnála, a infheistíonn i dtallann, ildánacht agus fiontar. Faighimid spreagadh ó bhunscéalaíocht a chorróidh an lucht féachana go mothúchánach sa bhaile agus i bhfad i gcéin. Trí réimse leathan tacaíochtaí maoinithe praiticiúla um fhorbairt, léiriú, dáileachán, cur chun cinn agus forbairt scileanna, tugann Fís Éireann tacaíocht don earnáil ag gach céim. Tugaimid tacaíocht do dhéantóirí scannán agus iad i mbun scéalta ealaíonta, cultúrtha agus tráchtála a roinnt go cruthaitheach ar an scáileán.
Forbhreathnú ar an bhFeidhm
Is éard is gnó Forbartha agus Léirithe Fhís Éireann ná maoirseacht a dhéanamh ar, agus tacú le cruthú agus dul chun cinn na dtionscadal scannáin agus teilifíse. Is éard atá i gceist leis seo ná maoiniú, treoir agus acmhainní a chur ar fáil do chruthaitheoirí scannáin agus Teilifíse chun éascaíocht a dhéanamh ar fhorbairt, léiriú agus dáileadh na scannán ardchaighdeáin agus an ábhair teilifíse Éireannaigh. Anuas air sin, tá an fhoireann freagrach as tograí forbartha tallainne agus as comhoibriú tionscail chun fás agus inbhuanaitheacht na hearnála teilifíse agus scannáin in Éireann a chur chun cinn.
Forléargas ar an Ról
Is príomhról é an Feidhmeannach Forbartha laistigh d’fhoireann Léiriúcháin agus Forbartha Fhís Éireann, ag cur le forbairt chruthaitheach an ábhair scáileáin i Gaeilge agus i mBéarla araon. Cé nach bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach, tá sé thar a bheith inmhianaithe, agus buntáiste a bheadh ann, tuiscint mhaith a bheith agat ar an teanga. Tacóidh agus cuirfidhan té a cheapfar le punann leathan de thionscadail forbartha, lena gcuimseofar scannáin lánfhada, drámaí Teilifíse, agus beochan, agus béim ar leith ar ábhar Gaeilge.
Don ról seo, beidh gá le léargas láidir eagarthóireachta, tuiscint dhomhain ar scríobh scripteanna, ar scéalaíocht, agus ar thírdhreach closamhairc na hÉireann. Ag obair i gcomhar leis an bhfoireann Léiriúcháin agus Forbartha, tacóidh agus cuirfidh an Feidhmeannach Forbartha le measúnú tionscadail, forbairt tallainne, agus cur ar fáil an ábhair scáileáin ardchaighdeáin bhunaidh a thagann le straitéis trí chéile agus le tosaíochtaí cistiúcháin Fhís Éireann.
Beidh an té a cheapfar ag obair i gcomhar le cruthaitheoirí scannáin agus Teilifíse agus le comhghleacaithe inmheánacha, ag tabhairt aiseolas struchtúrtha chun tacú le fás cruthaitheach, agus ag cur chun cinn ábhar mealltach ilchineálach, ar féidir go rachadh sé i bhfeidhm ar lucht féachana na hÉireann agus lucht féachana idirnáisiúnta.
Tuairiscíonn an ról don Bhainisteoir Forbartha agus d’fhéadfadh sé go bhforbrófaí é i gcomhréir le tosaíochtaí na heagraíochta.
Grád an Phoist
Bítear ag súil chun go mbeadh na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha ann don phost, go mbeidh an tArdoifigeach Feidhmiúcháin ar leibhéal an Chéad Phointe.
Línte/Línte Tuairiscithe
Tuairiscíonn an ról seo don Bhainisteoir Forbartha agus oibríonn go dlúth leis na Ceannasaithe Teilifíse agus Scannán Lánfhada, chomh maith leis an bhfoireann Léiriúcháin agus Forbartha trí chéile, chun cumarsáid éifeachtach agus sineirge foirne a chinntiú. Is féidir go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúir thuairiscithe ó am go chéile de réir na riachtanas gnó.
Príomhfhreagrachtaí
Léargas ar Fhorbairt Tionscadail
- Tacú agus cur le forbairt na dtionscadal aonair as measc liosta na dtionscadal, ag cuidiú le tallann ag gach céim den tsaolré chruthaitheach.
- Tacú le hathbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar iarratais ar mhaoiniú forbartha, aiseolas struchtúrtha agus moltaí a thabhairt i gcomhréir le caighdeáin eagarthóireachta Fhís Éireann.
- Treoir shoiléir chuiditheach eagarthóireachta a thabhairt do scríbhneoirí agus d’fhoirne cruthaitheacha—ó bhéal agus i scríbhinn—chun feabhas a chur ar cháilíocht, úrnuacht, agus inmharthanacht na dtionscadal scáileáin.
- Cuidiú le cúrsa forbartha na dtionscadal a mhúnlú, lena n-áirítear insint, struchtúr, tuin, ailíniú lucht féachana agus suí sa mhargadh.
Forbairt Liosta agus Eagraíochta
- Tacú le comhordú agus soláthar na gníomhaíochta forbartha ar fud liosta tionscadal Fhís Éireann i gcomhar leis an mBainisteoir Forbartha agus baill foirne ábhartha eile.
- Cuidiú le cur i bhfeidhm scéimeanna forbartha nó tograí ar bhonn céimneach, ina ndírítear ar thacú le tallann chruthaitheach, éagsúlacht scéalaíochta, agus ullmhacht chun tionscadail.
- Cuidiú le dul chun cinn an tionscadail a rianú agus faisnéis a bhailiú chun tacú leis an bpleanáil inmheánach, tuairisciú agus próisis mheasúnaithe.
Rialachas agus Tuairisciú
- Freastal ar, agus cur le, cruinnithe athbhreithnithe inmheánacha agus grúpaí oibre ilréimsiúla.
- A áirithiú go ndéantar gach gníomhaíocht forbartha i gcomhréir le rialachas, beartais eagraíochta, agus prionsabail Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsithe na hearnála poiblí.
Tacaíocht Foirne agus Oibríochtúil
- Smaointe a chur in iúl maidir le feabhas leanúnach a chur ar phróisis forbartha, teimpléid agus sreafaí oibre.
- Tacú le soláthar na gceardlann, na seisiún oiliúna, nó na rannpháirtíochtaí poiblí de réir mar is gá.
- Comhoibriú éifeachtach a dhéanamh le comhghleacaithe i ranna eile chun comhsheasmhacht, roinnt eolais agus obair in éindí a chéile a chinntiú.
Níl sé beartaithe go gcuimseoidh an sainchuntas poist liosta cuimsitheach de ghníomhaíochtaí, dualgais nó freagrachtaí. D’fhéadfadh sé go sannfaí dualgais bhreise bunaithe ar riachtanais oibríochtúla gnó.
Bunriachtanais
- Cáilíocht tríú leibhéal ábhartha (nó taithí choibhéiseach) sa Scannán, Teilifís, Staidéar ar na Meáin, Cumarsáid, Gnó, Bainistíocht Tionscadail, nó disciplín ábhartha eile.
- Cumas láidir in Microsoft Office (lena n-áirítear Word, Excel, Teams) agus muiníneach a bheith ag obair le córais dhigiteacha, uirlisí agus bunachair sonraí inmheánacha
- Taithí 3 bliana ar a laghad i ról den chineál céanna laistigh den fhorbairt ábhair scáileáin, léiriú, an earnáil phoiblí, nó eagraíochtaí ealaíon agus cultúrtha.
- Forbairt scripte agus saineolas eagarthóireachta cruthaithe, lena n-áirítear taithí ar anailís struchtúrtha scéil agus scripte a chur ar fáil, agus aiseolas soiléir cuiditheach a thabhairt.
- Cumas cruthaithe caidrimh oibre láidre a thógáil agus a choinneáil le réimse leathan de pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear tallann chruthaitheach, maoinitheoirí, agus craoltóirí.
- Imreoir foirne comhoibríoch, ag a mbeadh cumas cur go dearfach le timpeallacht oibre dhinimiciúil nuálach.
Príomhscileanna/Príomhinniúlachtaí
- Ceannaireacht Foirne
- Breithiúnas, Anailís agus Cinnteoireacht
- Bainistíocht agus Seachadadh Torthaí
- Scileanna Idirphearsanta agus Cumarsáide
- Saineolas, Oilteacht agus Féinfhorbairt
- Tiomantas agus Díograis do Luachanna na Seirbhíse Poiblí
* Ba chóir go mbeadh tuiscint chuimsitheach ag an iarrthóir ar phrionsabail an chomhionannais, na héagsúlachta agus na hionchuimsitheachta agus ba chóir go léireodh sé/sí tiomantas do na luachanna sin a chur chun cinn agus a neadú laistigh d’Fhís Éireann. Áirítear leis seo cultúr ionchuimsitheach a chothú agus éagsúlacht a chur chun cinn i ngach gné de chleachtais agus de phróisis chinnteoireachta Fhís Éireann.
Ceannaireacht Foirne
- Cumas cruthaithe a bheith ag obair i gcomhar le comhghleacaithe, bainisteoirí, agus páirtithe seachtracha chun tacú leis an obair foirne éifeachtach agus an chumarsáid ilréimsiúil, laistigh de thimpeallacht dhinimiciúil chruthaitheach.
- A bheith toilteanach seilbh a ghlacadh ar fhreagrachtaí sannta, agus cur le cultúr tacaíochta, nuálaíochta, agus cuntasaíochta ar fud na foirne Léiriúcháin agus Forbartha.
Anailís agus Cinnteoireacht
- Scileanna láidre eagarthóireachta agus anailíse, lena n-áirítear an cumas ábhar cruthaitheach agus tograí forbartha a mheas, moltaí scríofa soiléire a chur ar fáil, agus tacú le cinntí maoiniúcháin éifeachtacha.
- Muiníneach maidir le córais sonraí agus dhigiteacha a úsáid chun bonn eolas a chur faoin gcinnteoireacht, dul chun cinn a rianú, agus cur le feabhas leanúnach a chur ar scéimeanna agus sreafaí oibre.
Seachadadh Torthaí
- Cumas cruthaithe dul i ngleic le níos mó ná tosaíocht amháin, spriocanna a bhaint amach, agus torthaí ardchaighdeáin a sholáthar sna punanna casta tionscadail uilig, ina ngluaiseann cúrsaí ar aghaidh go tapa.
- Scileanna maithe pleanála, comhordaithe agus eagraíochtúla, agus cur chuige solúbtha réamhghníomhach i leith dul i ngleic le héilimh chomhsháraitheacha.
Scileanna Idirphearsanta agus Cumarsáide
- Scileanna iontacha cumarsáide scríofa agus ó bhéal, lena n-áirítear taithí ar mheasúnuithe, nótaí aiseolais, agus tuarascálacha a chur le chéile le haghaidh réimse de luchtanna féachana.
- Oilte ar chaidrimh oibre tháirgiúla a fhorbairt agus a choinneáil le páirtithe leasmhara lena n-áirítear scríbhneoirí, léiritheoirí, craoltóirí, agus comhlachtaí maoiniúcháin.
Saineolas
- Tuiscint mhaith ar phróisis forbartha scannáin agus teilifíse, lena n-áirítear measúnú scripte, measúnú tionscadail, agus treoir eagarthóireachta.
- Scileanna láidre TF, lena n-áirítear cumas in Microsoft Office (Word, Excel, Teams), agus a bheith sásta foghlaim agus uirlisí digiteacha nua a chur i bhfeidhm de réir mar is gá.
Tiomantas agus Díograis i leith Luachanna na Seirbhíse Poiblí
- Tiomantas soiléir do luachanna na seirbhíse poiblí, lena n-áirítear an t-ionracas, an trédhearcacht, agus soláthar seirbhíse ardchaighdeáin ar mhaithe le leas an phobail.
- Tiomantas cruthaithe don chothromas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht a chur chun cinn i ngach gné den obair, agus maidir le bheith ag tacú le cultúr eagraíochta dearfach.
- Spéis i dtionscal scáileáin na hÉireann, agus an cumas ionadaíocht a dhéanamh ar son Fhís Éireann le gairmiúlacht agus paisean ag imeachtaí earnála agus i rannpháirteachas le páirtithe leasmhara.
Tréithe Inmhianaithe
- Tá cur amach láidir ar an nGaeilge an-inmhianaithe agus measfar gur buntáiste mór é.
- Scileanna maithe bainistíochta tionscadail agus comhordaithe, agus an cumas tograí a phleanáil, a chur chun feidhme agus a rianú ó thús go deireadh.
- Meon nuálach fiontraíoch, agus muiníneach maidir le smaointe úra a chur chun cinn, tograí a dhéanfaidh difear do dhaoine a dhearadh, agus bheith ag tacú le forbairt tallainne ar bhealaí cruthaitheacha praiticiúla.
- Tuiscint ar an rialachas corparáideach agus comhlíontacht laistigh den earnáil phoiblí, lena n-áirítear feasacht ar chuntasaíocht, trédhearcacht, agus oibleagáidí faireacháin ar mhaoiniú.
- Tuiscint dhomhain ilchineálach ar ábhar scáileáin, le spéiseanna difriúla, fiosracht chultúrtha, agus a bheith toilteanach tacú le smaointe úrnua uaillmhianacha, agus an cumas iarratais, dul chun cinn tionscadail, agus torthaí forbartha a mheas go criticiúil agus go hoibiachtúil.
- Eolas ar earnáil scáileáin na hÉireann agus ar an tírdhreach cultúrtha trí chéile, agus tuiscint ar shásraí maoiniúcháin an tionscail, próisis forbartha, agus dúshláin na hearnála.
- Taithí nó spéis maidir le bheith ag tacú le tograí lena gcuirtear an inbhuanaitheacht, an fholláine, agus an éagsúlacht, an cothromas agus an ionchuimsitheacht chun cinn san earnáil scáileáin.
Sonraí faoin bPost
- Tá an post seo ar leibhéal Ard-Oifigigh Feidhmiúcháin agus is ionann an tuarastal agus €58,264 in aghaidh na bliana. Líonfar an ról seo de réir an Bheartais Íocaíochta Poiblí ar an gcéad phointe den Scála Tuarastail ach gurb é go gceaptar an t-iarratasóir rathúil ó ról reatha san earnáil phoiblí. Cur i bhfeidhm Choigeartuithe Pá an 1 Márta 2025.
- Is conradh lánaimseartha, idir ceithre agus sé mhí é seo, a cruthaíodh chun cúraimí an duine atá i mbun an phoist faoi láthair a chlúdach, ag a mbeidh ról eile san eagraíocht ar bhonn sealadach.
- Beidh ar an iarratasóir rathúil Cód Iompair Fhís Éireann a shíniú.
- Beidh tréimhse phromhaidh idir 4 agus 6 mhí i gceist leis an ról.
- Beidh sé nó sí freagrach go díreach don Bhainisteoir Forbartha.
- Beidh an post lonnaithe i mBaile Átha Cliath/ i nGaillimh.
- Saoire bhliantúil (níl laethanta saoire bainc san áireamh) de 29 lá.
- Dáta Tosaithe chomh luath agus is féidir.
Incháilitheacht chun dul san iomaíocht agus srianta áirithe ar incháilitheacht
Riachtanais Saoránachta. Ní mór d'Iarrthóirí Incháilithe:
- A bheith ina saoránach den Limistéir Eorpach Eacnamaíoch. Tá an LEE comhdhéanta de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua;
- A bheith ina saoránach den Ríocht Aontaithe (RA);
- A bheith ina saoránach de chuid na hEilvéise de bhun an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis maidir le saorghluaiseacht daoine; nó Saoránach neamh-LEE a bhfuil víosa le stampa uimhir 4 nó víosa le stampa uimhir 5 aige/aici.
Chun cáiliú ní mór d'iarrthóirí a bheith incháilithe faoin dáta a thairgtear aon phost.
Próiseas Iarratais
Iarrtar ar iarratasóirí a bhfuil spéis acu sa ról CV mionsonraithe a sheoladh isteach ina leagfar béim ar thaithí ábhartha agus litir chumhdaigh a chur isteach faoi rún daingean trí chliceáil ar nasc na bhfolúntas ar ár suíomh gréasáin faoi 5.00pm Dé Domhnaigh, an 27 Iúil, 2025.
Mar chuid de do litir chumhdaigh, ba cheart duit na scileanna agus an taithí atá agat a chomhlíonann riachtanais an phoist a leagan amach. Beidh na hiarratais go huile agus go hiomlán faoi rún. I gcomhréir le creat inniúlachtaí na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tabharfaidh iarrthóirí ar an ról seo faoi mheasúnú agus cuirfear faoi agallamh iad ina ndíreofar ar, ach gan bheith teoranta do,
chreat inniúlachta na seirbhíse poiblí do Leibhéal Ard-Oifigigh Feidhmiúcháin.
D’iarrfaimis ar gach iarratasóir litir chumhdaigh a chur isteach mar chuid dá iarratas. Iarrtar ort sa litir chumhdaigh na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt:
- Cén fáth a bhfuil spéis agat sa ról seo le Fís Éireann, agus conas a oireann do thaithí agus scileanna do na príomhfhreagrachtaí?
- Déan cur síos ar do thaithí ar fhorbairt scripte nó tionscadail. Conas a chuir tú, ó thaobh na heagarthóireachta de, le hábhar scáileáin nó conas a thacaigh tú leis an bpróiseas forbartha ó thús go deireadh?
- Tabhair sampla d’am nuair a bhí tú ag obair i gcomhar le gairmithe cruthaitheacha nó páirtithe leasmhara seachtracha (e.g., craoltóirí, maoinitheoirí). Cén ról a bhí agat, agus conas a chuidigh tú leis an tionscadal a mhúnlú nó le tacú leis?
- Conas a thugann tú faoi mheasúnú a dhéanamh ar thograí tionscadail? Déan cur síos ar an gcaoi a mbaineann tú cothromaíocht amach idir critéir mhaoiniúcháin agus ceisteanna praiticiúla.
Ní chuirfear iarratasóirí nach bhfreagraíonn na ceisteanna riachtanacha ina litir chumhdaigh ar an ngearrliosta.
Is fostóir comhdheiseanna é Fís Éireann agus tá sé tiomanta ionad oibre cuimsitheach a chothú a chuireann luach ar éagsúlacht na foirne oibre agus a bhaineann tairbhe as an éagsúlacht chéanna. Tá Fís Éireann faoi choimirce na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Tiomantas don Chomhionannas, Éagsúlacht agus don Ionchuimsitheacht
Tá Fís Éireann tiomanta do rath an tionscail amach anseo trí infheistíochtaí straitéiseacha i dtallann agus i scileanna a bhfuil éagsúlacht, cothromas agus ionchuimsiú ag a gcroílár. Tuigimid go bhfuil sé ríthábhachtach cultúr dearfach a chothú, agus luachanna cothroime, inbhuanaitheachta, éagsúlachta, cothromais agus ionchuimsitheachta mar bhonn agus mar thaca aige, chun tallann a mhealladh agus a choinneáil.
Mar eagraíocht ionchuimsitheach, oibrímid go gníomhach i dtreo éagsúlacht agus ionchuimsiú a chur chun cinn ar fud na hearnála scáileáin ar fad. Cinntíonn ár gcur chuige ionchuimsitheach maidir le hacmhainn a thógáil go bhfuil gach tionscnamh deartha le go mbeidh sé inrochtana do chách, rud a léiríonn ár dtiomantas do thionscal éagsúil agus cothrom. Inár ngníomhaíochtaí earcaíochta, tugaimid tús áite d'fhórsa saothair a chruthú a léiríonn éagsúlacht agus comhionannas, ag leagan síos tagarmharc nua le haghaidh barr feabhais agus uilechuimsitheachta. Cuireann Fís Éireann fáilte roimh chách a bheith linn ar an aistear seo i dtreo tionscal scáileáin a mhúnlú a cheiliúrann tallann chomhchoiteann agus an neart atá le fáil san éagsúlacht.
An bhfuil socruithe breise/malartacha ag teastáil uait?
Má theastaíonn socruithe breise/malartacha uait dár bpróiseas earcaíochta nó má tá aon cheist agat faoi inrochtaineacht, déan teagmháil lenár bhFoireann Acmhainní Daonna mar atá sonraithe san fhógra poist ábhartha ar ár leathanach Folúntais.
Buntáistí ag Fís Éireann
- Pá Saoire Máithreachais/Saoire Uchtála.
- Pá Saoire Atharthachta.
- Saoire Tuismitheora
- Saoire Bhreoiteachta Íoctha
- Saoire Mhéala agus Atruach
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Obair Chumaisc (faoi réir róil)
| - Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Cúnamh Oideachasúil
- Pinsean Ranníocach
- Clár Cúnaimh d'Fhostaithe
- Saoire Phósta
- Taxsaver
- Scéim na Rothar chun Oibre
|