Teideal an Phoist: Bainisteoir Oifige
Leibhéal Oifigigh Feidhmiúcháin
Sainchuspóir Lánaimseartha 7 Mhí
Maidir le Fís Éireann
Táimid ag lorg Tallann nua i bhFís Éireann chun cur lenár bhfoireann a bhíonn ag fás i gcónaí. Beidh tú mar chuid de phobal cumasach d’fhostaithe a bhfuil sé mar mhisean agus mar phaisean acu cur le agus tacú le forbairt thionscail Scannánaíochta, Drámaíocht Teilifíse, Beochana, Cláir Faisnéise, Maisíochtaí Físe agus Cluichíochta na hÉireann.
Mar ghníomhaireacht náisiúnta do thionscal scannánaíochta, drámaíochta teilifíse, beochana agus cláir faisnéise na hÉireann, is é Fís Éireann comhpháirtí cruthaitheach na hearnála, a infheistíonn i dtallann, ildánacht agus fiontar. Faighimid spreagadh ó bhunscéalaíocht a chorróidh an lucht féachana go mothúchánach sa bhaile agus i bhfad i gcéin. Trí réimse leathan tacaíochtaí maoinithe praiticiúla um fhorbairt, léiriú, dáileachán, cur chun cinn agus forbairt scileanna, tugann Fís Éireann tacaíocht don earnáil ag gach céim. Tugaimid tacaíocht do dhéantóirí scannán agus iad i mbun scéalta ealaíonta, cultúrtha agus tráchtála a roinnt go cruthaitheach ar an scáileán.
Forbhreathnú ar an bhFeidhm
Is príomhchuid oibríochtúil í feidhm na Bainistíochta Oifige i bhFís Éireann, lena gcinntítear go gcuirtear seirbhísí áit oibre agus tacaíochta corparáidí i gcrích go héifeachtach ar fud na heagraíochta. Tá an fheidhm seo freagrach as timpeallachtaí oifige fisiciúla a reáchtáil, lena n-áirítear bainistiú na saoráidí, pleanáil spáis, comhordú soláthraithe agus soláthair, agus comhlíonadh sláinte agus sábháilteachta. Leis an bhfeidhm sin, cuirtear go mór le cumarsáid inmheánach, tionscnaimh folláine foirne, agus pleanáil leanúnachais gnó. Trí chleachtais inbhuanaitheachta a chomhtháthú le hoibríochtaí laethúla, tacaíonn feidhm na Bainistíochta Oifige le tiomantas níos leithne Fhís Éireann don fhreagracht chomhshaoil agus feabhas eagraíochtúil. Tá ról ríthábhachtach aige maidir le timpeallacht oibre atá gairmiúil, ionchuimsitheach, táirgiúil a mhúnlú don fhoireann, do pháirtithe leasmhara, agus do chuairteoirí.
Forléargas ar an Ról
Is príomhról oibríochtúil é ról an Bhainisteora Oifige, atá freagrach as bainistiú saoráideach oifigí Fhís Éirinn i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh a chinntiú. Ag tuairisciú do Stiúrthóir na nGnóthaí Tionscail agus Corparáideacha, treoraíonn an Bainisteoir Oifige gach gné d’oibríochtaí saoráide, lóistíocht oifige, agus pleanáil áit oibre, lena n-áirítear aistrithe oifige agus athchóirithe. Déanann an té atá ag tabhairt faoin ról maoirseacht freisin ar phróisis soláthraithe agus soláthair, tacaíonn le spriocanna inbhuanaitheachta na heagraíochta, agus cinntíonn go gcomhlíontar na riachtanais reachtúla sláinte agus sábháilteachta. Mar aon le tacaíocht riaracháin ardleibhéil a thabhairt don cheannaireacht shinsearach, cothaíonn an Bainisteoir Oifige timpeallacht oifige atá éifeachtúil, gairmiúil, fáilteach, ina dtacaítear leis an obair chumaisc agus le folláine na foirne. Beidh an té a cheapfar go maith ag réiteach fadhbanna go réamhghníomhach, agus scileanna maithe eagraíochtúla agus bainistithe páirtithe leasmhara aige nó aici, atá ábalta tosaíochtaí atá in iomaíocht lena chéile a bhainistiú go neamhspleách i dtimpeallacht shíorathraitheach.
Grád an Phoist
Bítear ag súil chun go mbeadh na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha ann don phost, go mbeidh an t-Oifigeach Feidhmiúcháin ar leibhéal an Chéad Phointe.
Línte/Línte Tuairiscithe
Tá an ról seo freagrach don Stiúrthóir Gnóthaí Tionscail agus Corparáideacha. Déantar struchtúir tuairiscithe a athbhreithniú go rialta agus is féidir go ndéanfaí iad a leasú chun dul i ngleic le riachtanais ghnó.
Príomhfhreagrachtaí
Oibríochtaí Oifige & Bainistíocht Saoráidí
- Gach soláthraí saoráidí tríú páirtí a bhainistiú agus dul i mbun plé leis an tiarna talún agus le lucht bainistíochta an fhoirgnimh de réir mar is gá.
- Maoirseacht a dhéanamh ar chothabháil oifige, deisiúcháin, agus aon fheistiú, athchóiriú, nó aistriú oifige, lena n-áirítear maoirseacht ar lóistíocht, sceidil, agus bainistiú conraitheoirí.
- Aon athlonnú oifige nó tionscadal forbartha a chomhordú agus tacú leo, ag cinntiú nach gcuirtear isteach ar oibríochtaí foirne agus gnó, a oiread agus is féidir.
- A chinntiú go mbaintear úsáid éifeachtúil as spás oifige, lena n-áirítear socrúcháin maidir le deasc oibre cumaisc agus ceisteanna maidir le folláine na foirne, i gcomhar le lucht Acmhainní Daonna.
- Bainistíocht a dhéanamh ar úsáid na seomraí cruinnithe comhroinnte, lena n-áirítear iad a shocrú agus lóistíocht lónadóireachta.
- Maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú na soláthairtí oifige, ceisteanna cothabhála, agus comhordú a dhéanamh le lucht TF maidir le trealamh oifige.
- Bainistíocht a dhéanamh ar chomhad cartlainne agus ar réitigh stórála oifige na heagraíochta.
- Maoirseacht a dhéanamh ar ról an Fháilteora agus a chinntiú go gcoinnítear caighdeáin chumhdaigh agus feidhmíochta.
- Tacú leis an bpróiseas ionduchtaithe d’fhoireann nua (rochtain ar ríomhphost, dáileadh eochracha, ionduchtú oifige, srl.).
Bainistíocht Inbhuanaitheachta & Timpeallachta
- Cleachtais inbhuanaitheachta timpeallachta a chur chun cinn agus a chur chun feidhme ar fud na n-oibríochtaí oifige, lena n-áirítear úsáid fuinnimh, laghdú dramhaíola, agus soláthar.
- Dul i mbun plé le ranna ábhartha chun tacú le spriocanna inbhuanaitheachta eagraíochtúla agus tuairisciú Fhís Éireann.
- Deiseanna a shainaithint chun feabhas a chur ar fheidhmíocht timpeallachta i mbainistíocht saoráidí agus gníomhaíochtaí oifige.
Sláinte, Sábháilteacht & Folláine
- Maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na bprótacal sláinte agus sábháilteachta, agus a chinntiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí reachtúla.
- Druileanna aslonnaithe dóiteáin a chomhordú agus a chinntiú go mbíonn sceidil agus gnásanna cothrom le dáta i bhfeidhm.
- Traenáil sláinte agus sábháilteachta a eagrú nuair is gá.
Bainistíocht Soláthair & Soláthraithe
- Gníomhaíochtaí soláthair a threorú d’earraí agus seirbhísí a bhaineann leis an oifig, ag cinntiú go n-ailínítear le polasaithe soláthair, éifeachtúlacht costais, caighdeán cáilíochta, agus ceisteanna inbhuanaitheachta ábhartha.
- Caidrimh agus conarthaí le soláthraithe a choinneáil agus athbhreithniú a dhéanamh orthu, ar mhaithe le héifeachtacht cáilíochta agus seirbhíse.
- Pleanáil soláthair a chomhordú d’aistrithe oifige, nuashonruithe saoráidí, agus riachtanais trealaimh.
Cúnamh & Riarachán Feidhmeannach
- Tacaíocht fheidhmeannach a thabhairt don Stiúrthóir Gnóthaí Tionscail agus Corparáideacha, lena n-áirítear bainistíocht dialainne, socrúcháin taistil, agus tascanna riaracháin rúnda.
- Freagra a thabhairt ar cheisteanna ó pháirtithe leasmhara agus ó chliaint trí ríomhphost agus ar an bhfón thar ceann Stiúrthóir na nGnóthaí Tionscail agus Corparáideacha, nuair is cuí.
- Tacú le pleanáil agus cur i gcrích na gcruinnithe nó na gcuairteanna inmheánacha agus as an láthair.
- Tuarascálacha bainistíochta a chruthú agus a choinneáil agus anailís a dhéanamh ar shonraí, nuair is gá.
Cumarsáid & Rannpháirtíocht
- Tacú le cumarsáid inmheánach trí scáileáin oifige a nuashonrú agus cumarsáid inmheánach ríomhphoist a chur amach nuair is gá.
- Cur le pleanáil agus comhordú imeachtaí foirne mar chuid de chlár folláine agus tograí carthanachta Fhís Éireann.
Riar Buiséid & Airgeadais
- Bainistíocht a dhéanamh ar bhuiséad agus mionairgead laethúil na hoifige.
- A chinntiú go rianaítear na costais agus an phleanáil bhuiséid go cruinn le haghaidh riachtanas na hoifige, saoráidí, tionscadail, agus tograí inbhuanaitheachta.
Dualgais Ghinearálta
- Cur chuige solúbtha réamhghníomhach a choinneáil i leith tacú le riachtanais eagraíochtúla a bhíonn ag forbairt.
- Tabhairt faoi dhualgais bhreise de réir mar is gá mar fhreagairt ar thosaíochtaí na gníomhaireachta uile.
Níl sé beartaithe go gcuimseoidh an sainchuntas poist liosta cuimsitheach de ghníomhaíochtaí, dualgais nó freagrachtaí. D’fhéadfadh sé go sannfaí dualgais bhreise bunaithe ar riachtanais oibríochtúla gnó.
Bunriachtanais
- Taithí 3 bliana ar a laghad ar bhainistíocht oifige, comhordú saoráidí, nó oibríochtaí riaracháin, agus is fearr dá mbeadh an taithí sin laistigh den earnáil phoiblí nó leathstáit.
- Taithí ar lóistíocht oifige a bhainistiú, soláthraithe seirbhíse a chomhordú, agus tacú le haistrithe nó le hathchóirithe oifige.
- Taithí ar, agus cumas cruthaithe maidir le tacaíocht riaracháin agus feidhmeannach ardleibhéil a thabhairt, lena n-áirítear bainistíocht dialainne agus comhordú cruinnithe.
- Cáilíocht ábhartha sa Riarachán Gnó, Bainistíocht Saoráidí, nó réimse bainteach (Leibhéal 6 CNC nó os a chionn inmhianaithe).
- Inniúil ar Microsoft Office (Word, Outlook, Excel, PowerPoint) agus cur amach ar uirlisí cumarsáide inmheánaí.
- Buneolas maith ar riachtanais Sláinte & Sábháilte a bhaineann le timpeallachtaí oifige.
Príomhscileanna/Príomhinniúlachtaí
- Bainistíocht Daoine
- Anailís & Cinnteoireacht.
- Seachadadh Torthaí
- Scileanna Idirphearsanta agus Cumarsáide
- Saineolas, Oilteacht agus Féinfhorbairt
- Tiomantas agus Díograis do Luachanna na Seirbhíse Poiblí
* Ba chóir go mbeadh tuiscint chuimsitheach ag an iarrthóir ar phrionsabail an chomhionannais, na héagsúlachta agus na hionchuimsitheachta agus ba chóir go léireodh sé/sí tiomantas do na luachanna sin a chur chun cinn agus a neadú laistigh d’Fhís Éireann. Áirítear leis seo cultúr ionchuimsitheach a chothú agus éagsúlacht a chur chun cinn i ngach gné de chleachtais agus de phróisis chinnteoireachta Fhís Éireann.
I gcomhréir le Creat Inniúlachta na nOifigeach Feidhmiúcháin, ní mór don iarrthóir an méid seo a leanas a léiriú:
Ceannaireacht Foirne
- Cuireann sé gníomhach leis an bhfoireann agus cuireann timpeallacht oibre dhearfach chun cinn.
- Léiríonn solúbthacht agus tugann ceannaireacht le dea-shampla.
Anailís agus Cinnteoireacht
- Bailíonn faisnéis ábhartha, measann na roghanna, agus déanann cinntí eolacha.
- Tuiscint agus breithiúnas maith aige nó aici ar impleachtaí níos leithne cinntí agus gníomhartha.
Seachadadh Torthaí
- Bainistíonn am agus acmhainní go héifeachtach chun spriocanna a bhaint amach.
- Leagann béim láidir ar thorthaí ar ardchaighdeán a sholáthar agus ar fheabhas leanúnach.
Scileanna Idirphearsanta agus Cumarsáide
- Déanann cumarsáid go soiléir, éifeachtach, ó bhéal agus i scríbhinn araon.
- Tógann agus coinníonn caidrimh tháirgiúla le comhghleacaithe, soláthraithe, agus páirtithe leasmhara.
Tiomantas agus Díograis i leith Luachanna na Seirbhíse Poiblí
- Léiríonn díograis agus tiomantas láidir don ról, don fhoireann, agus don eagraíocht.
- Cloíonn leis na caighdeáin ionracais is airde agus le heitic na seirbhíse poiblí.
Saineolas, Oilteacht agus Féinfhorbairt
- Léiríonn an t-eolas agus an saineolas atá riachtanach don ról.
- Glacann freagracht as foghlaim agus forbairt phearsanta.
Tréithe Inmhianaithe
- Taithí ar thionscadail oifige ar mhionscála a chomhordú, ar phleanáil spáis, nó ar leagan amach nua a chur ar an áit oibre.
- Tuiscint ar, nó spéis i dtionscal scáileáin na hÉireann, sna healaíona, nó san earnáil chultúrtha trí chéile.
- Feasach ar riachtanais rialachais na hearnála poiblí, lena n-áirítear próisis soláthair nó comhlíonadh a bhaineann le saoráidí.
- Spéis léirithe i bhfolláine na foirne, san inbhuanaitheacht comhshaoil, nó i dtograí ina ndírítear ar fheabhas a chur ar an taithí san áit oibre.
- Compordach ag tacú le himeachtaí corparáideacha, cuairteanna ó chuairteoirí, agus fáilteachas nó lóistíocht chruinnithe a bhainistiú.
- Taithí ar mhaoirseacht a dhéanamh ar an bhfoireann fáilteachais nó ar fheidhmeanna tacaíochta riaracháin.
- Tá sé inmhianaithe go mbeadh cumas sa Ghaeilge ag an iarrthóir.
Sonraí faoin bPost
- Tá an post seo ar leibhéal Oifigigh Feidhmiúcháin agus is é an tuarastal €37,544 in aghaidh na bliana. Líonfar an ról seo de réir an Bheartais Íocaíochta Poiblí ar an gcéad phointe den Scála Tuarastail ach gurb é go gceaptar an t-iarratasóir rathúil ó ról reatha san earnáil phoiblí. Cur i bhfeidhm Choigeartuithe Pá an 1 Márta 2025.
- Is post lánaimseartha conartha sainchuspóra é seo ar feadh tréimhse 6 mhí.
- Beidh ar an iarratasóir rathúil Cód Iompair Fhís Éireann a shíniú.
- Beidh tréimhse phromhaidh 6 mhí i gceist leis an ról.
- Beidh sé nó sí freagrach go díreach don Stiúrthóir ar Ghnóthaí Tionscail agus Corparáideacha.
- Beidh an post lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
- Saoire bhliantúil (níl laethanta saoire bainc san áireamh) de 23 lá.
- Dáta Tosaithe chomh luath agus is féidir.
Incháilitheacht chun dul san iomaíocht agus srianta áirithe ar incháilitheacht
Riachtanais Saoránachta. Ní mór d'Iarrthóirí Incháilithe:
- A bheith ina saoránach den Limistéir Eorpach Eacnamaíoch. Tá an LEE comhdhéanta de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua;
- A bheith ina saoránach den Ríocht Aontaithe (RA);
- A bheith ina saoránach de chuid na hEilvéise de bhun an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis maidir le saorghluaiseacht daoine; nó Saoránach neamh-LEE a bhfuil víosa le stampa uimhir 4 nó víosa le stampa uimhir 5 aige/aici.
Chun cáiliú ní mór d'iarrthóirí a bheith incháilithe faoin dáta a thairgtear aon phost.
Próiseas Iarratais
Tugtar cuireadh d’iarratasóirí a bhfuil spéis acu sa ról CV mionsonraithe ina leagfaí béim ar thaithí ábhartha mar aon le litir chumhdaigh a sheoladh isteach go hiomlán faoi rún trí chliceáil ar nasc na bhfolúntas ar ár suíomh idirlín faoin 5.00i.n., an 8 Lúnasa 2025.
Mar chuid de do litir chumhdaigh, ba cheart duit na scileanna agus an taithí atá agat a chomhlíonann riachtanais an phoist a leagan amach. Beidh na hiarratais go huile agus go hiomlán faoi rún. I gcomhréir le Creat Inniúlachtaí na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tabharfaidh iarrthóirí ar an ról seo faoi mheasúnú agus cuirfear faoi agallamh iad a bheidh dírithe ar, ach ní teoranta do,
Chreat inniúlachta Oifigigh Feidhmiúcháin na seirbhíse poiblí.
D’iarrfaimis ar gach iarratasóir litir chumhdaigh a chur isteach mar chuid dá iarratas. Iarrtar ort sa litir chumhdaigh na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt:
- Cén taithí ábhartha atá agat ar bhainistíocht oifige, comhordú saoráidí, nó oibríochtaí riaracháin, agus cén chaoi a n-ullmhaíonn sé sin thú don ról seo?
- Cén chaoi a gcuirfeá le hoifig ghairmiúil, inbhuanaithe, fháilteach?
- Cén fáth a bhfuil spéis agat a bheith ag obair le Fís Éireann, agus cén chaoi a dtagann do chuid luachanna lenár dtiomantas don tseirbhís phoiblí, don inbhuanaitheacht, agus don fhorbairt chultúrtha?
- Déan cur síos ar thionscadal oifige, rannpháirtíocht le soláthraí, nó aistriú oifige a bhainistigh tú. Cén cur chuige a bhí agat agus cén toradh a bhí ann?
Ní chuirfear iarratasóirí nach bhfreagraíonn na ceisteanna riachtanacha ina litir chumhdaigh ar an ngearrliosta.
Is fostóir comhdheiseanna é Fís Éireann agus tá sé tiomanta ionad oibre cuimsitheach a chothú a chuireann luach ar éagsúlacht na foirne oibre agus a bhaineann tairbhe as an éagsúlacht chéanna. Tá Fís Éireann faoi choimirce na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Tiomantas don Chomhionannas, Éagsúlacht agus don Ionchuimsitheacht
Tá Fís Éireann tiomanta do rath an tionscail amach anseo trí infheistíochtaí straitéiseacha i dtallann agus i scileanna a bhfuil éagsúlacht, cothromas agus ionchuimsiú ag a gcroílár. Tuigimid go bhfuil sé ríthábhachtach cultúr dearfach a chothú, agus luachanna cothroime, inbhuanaitheachta, éagsúlachta, cothromais agus ionchuimsitheachta mar bhonn agus mar thaca aige, chun tallann a mhealladh agus a choinneáil.
Mar eagraíocht ionchuimsitheach, oibrímid go gníomhach i dtreo éagsúlacht agus ionchuimsiú a chur chun cinn ar fud na hearnála scáileáin ar fad. Cinntíonn ár gcur chuige ionchuimsitheach maidir le hacmhainn a thógáil go bhfuil gach tionscnamh deartha le go mbeidh sé inrochtana do chách, rud a léiríonn ár dtiomantas do thionscal éagsúil agus cothrom. Inár ngníomhaíochtaí earcaíochta, tugaimid tús áite d'fhórsa saothair a chruthú a léiríonn éagsúlacht agus comhionannas, ag leagan síos tagarmharc nua le haghaidh barr feabhais agus uilechuimsitheachta. Cuireann Fís Éireann fáilte roimh chách a bheith linn ar an aistear seo i dtreo tionscal scáileáin a mhúnlú a cheiliúrann tallann chomhchoiteann agus an neart atá le fáil san éagsúlacht.
An bhfuil socruithe breise/malartacha ag teastáil uait?
Má theastaíonn socruithe breise/malartacha uait dár bpróiseas earcaíochta nó má tá aon cheist agat faoi inrochtaineacht, déan teagmháil lenár bhFoireann Acmhainní Daonna mar atá sonraithe san fhógra poist ábhartha ar ár leathanach Folúntais.
Buntáistí ag Fís Éireann
- Pá Saoire Máithreachais/Saoire Uchtála
- Pá Saoire Atharthachta
- Saoire Tuismitheora
- Saoire Bhreoiteachta Íoctha
- Saoire Mhéala agus Atruach
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Obair Chumaisc (faoi réir róil)
| - Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Cúnamh Oideachasúil
- Pinsean Ranníocach
- Clár Cúnaimh d'Fhostaithe
- Saoire Phósta
- Taxsaver
- Scéim na Rothar chun Oibre
|