Maidir le Fís ÉireannTáimid ag lorg Tallann nua i bhFís Éireann chun cur lenár bhfoireann a bhíonn ag fás i gcónaí. Beidh tú mar dhuine de phobal cumasach éagsúil fostaithe a bhfuil sé mar mhisean agus mar phaisean acu forbairt ar Thionscail Scannánaíocht, Dhrámaíocht Teilifíse, Bheochan, Chlár Faisnéise, Mhaisíochtaí Físe agus Chluichíocht Dhigiteach na hÉireann a chur chun cinn agus tacú leis sin.
Mar ghníomhaireacht náisiúnta do thionscal scannánaíochta, drámaíochta teilifíse, beochana agus cláir faisnéise na hÉireann, is é Fís Éireann comhpháirtí cruthaitheach na hearnála, a infheistíonn i dtallann, ildánacht agus fiontar. Faighimid spreagadh ó bhunscéalaíocht a chorróidh an lucht féachana go mothúchánach sa bhaile agus i bhfad i gcéin. Trí réimse leathan tacaíochtaí maoinithe praiticiúla um fhorbairt, léiriú, dáileachán, cur chun cinn agus forbairt scileanna, tugann Fís Éireann tacaíocht don earnáil ag gach céim. Tugaimid tacaíocht do dhéantóirí scannán agus iad i mbun scéalta ealaíonta, cultúrtha agus tráchtála a roinnt go cruthaitheach ar an scáileán.
Ár gCultúr agus ár nGealltanaisAg Fís Éireann, táimid bródúil cultúr a chothú san ionad oibre, cultúr atá bunaithe ar chruthaitheacht, ionchuimsitheacht agus meas. Trínár gcreat Cineálta, cuirimid an tábhacht chéanna ar fholláine, ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, ar an inbhuanaitheacht, agus ar an gcothromas, ar an éagsúlacht agus ar an ionchuimsitheacht (CÉI). Tacaímid go gníomhach lenár gcuid fostaithe ionas go mbeidh siad faoi bhláth go pearsanta agus go gairmiúil, agus deiseanna á dtairiscint againn chun a gcuid scileanna a fhás, rannchuidiú le tionscadail fhiúntacha agus a bheith mar chuid de phobal comhoibríoch. Táimid tiomanta do lucht saothair a chruthú lena léirítear éagsúlacht an lucht féachana ar a bhfreastalaímid agus na scéalta a dtacaímid leo ar an scáileán. Cuirimid fearadh na fáilte roimh iarratais ó dhaoine a mbaineann gach cúlra, eispéireas agus peirspictíocht leo agus a chomhlíonann riachtanais an róil, agus déanaimid an t‑ionchur uathúil a thugann gach duine dár n‑eagraíocht a cheiliúradh.
FORLÉARGAS AR AN RÓLAg tuairisciú don Cheann Léirithe Thar Tír Isteach, beidh ról ríthábhachtach ag an gComhordaitheoir Suíomhanna Léiriú Thar Tír Isteach chun tacú le feidhm léirithe thar tír isteach de chuid Fhís Éireann, a bhfuil sé mar aidhm aici léirithe scannánaíochta agus teilifíse idirnáisiúnta a mhealladh go hÉirinn agus tograí náisiúnta a éascú. Tacóidh an té a cheapfar sa ról le cur chun cinn na hÉireann mar shár-shuíomh scannánaíochta trí bhainistiú agus forbairt bunachar sonraí ar líne de shuíomhanna de chuid Fhís Éireann, trí chomhordú ábhair tionscadal, agus trí chúnamh a thabhairt le gníomhaíochtaí margaíochta agus bolscaireachta.
Beidh sé de dhualgas ar an té a cheapfar a chinntiú go bhfuil córais, próisis, agus faisnéis maidir le léiriú thar tír isteach cruinn, suas chun dáta, agus bainistithe go héifeachtach. Cabhróidh siad i gcomhordú ceisteanna tionscadail, scripteanna agus miondealuithe suíomhanna, spléachleabhair a chruthú, agus tacaíocht lóistíochtúil a thabhairt do réamhchuairteanna ar láithreacha. Éilíonn an ról seo leibhéal ard eagraíochta, cumarsáide, agus scileanna TF, chomh maith leis an inniúlacht bheith ag obair i gcomhar go héifeachtach i dtimpeallacht fhuinniúil ina ngluaiseann cúrsaí ar aghaidh go sciobtha.
Tá an post seo ar leibhéal an Oifigigh Feidhmiúcháin, ina mbeidh ar an té a cheapfar seilbh a ghlacadh ar réimsí oibre a sannadh, cuir le fadhbréiteach agus feabhsúchán leanúnach, agus tacú le seachadadh chuspóirí straitéiseacha Fhís Éireann faoi stiúir an Chinn Léirithe Thar Tír Isteach.
Beidh an té sa ról freagrach don Cheann Léirithe Thar Tír Isteach agus d’fhéadfadh sé go bhforbrófaí an ról i gcomhréir le tosaíochtaí na heagraíochta.
FORBHREATHNÚ AR AN bhFEIDHM Leis an bhfeidhm Léirithe Thar Tír Isteach ag Fís Éireann, cuirtear Éire chun cinn go straitéiseach mar phríomh-mhol léirithe ábhar físe trí chaidreamh a chothú le léiritheoirí áitiúla agus idirnáisiúnta agus trí chomhoibriú tionscail láidir a chothabháil. Is éard atá i gceist leis sin comhpháirtíochtaí straitéiseacha a chothú le heintitis amhail an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (GFT), Fiontraíocht Éireann, agus Turasóireacht Éireann, agus tionscnaimh a fhorbairt lena gcuirtear feabhas ar leibhéil léirithe agus fás an tionscail. Leis an bhfeidhm, tacaítear le líonra de chomhpháirtíochtaí páirtithe leasmhara réigiúnacha agus bunaithe i mBaile Átha Cliath, maoirsítear bunachar sonraí suíomhanna de chuid Fhís Éireann, agus cuirtear le feachtais mhargaíochta. Trí choinneáil suas le treochtaí an tionscail, agus deiseanna nua a lorg, cinntítear leis an bhfeidhm iomaíochas agus nuálaíocht na hÉireann sa mhargadh domhanda.
GRÁD AN PHOIST Meastar go mbeidh post an Oifigigh Feidhmiúcháin ar leibhéal an Chéad Phointe ionas go mbeidh na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha aige nó aici.
LÍNE NÓ LÍNTE TUAIRISCITHETuairiscíonn an té sa ról seo don Cheann Léirithe Thar Tír Isteach. Féadfar athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar struchtúir thuairiscithe chun riachtanais ghnó a léiriú.
PRÍOMHFHREAGRACHTAÍTacaíocht Oibríochtúil agus Riaracháin- Seirbhís phroifisiúnta agus éifeachtach a chur ar fáil don Cheann Léirithe Thar Tír Isteach, ag cinntiú feidhmiú éifeachtúil laethúil.
- Bainistiú a dhéanamh ar bhunachar sonraí ar líne de shuíomhanna de chuid Fhís Éireann agus é a chothabháil, lena n-áirítear uaslódáil, eagarthóireacht, agus íomhánna agus ábhar a choimeád lena gcruinneas agus n-inúsáidteacht a chinntiú.
- Idirchaidreamh a dhéanamh le díoltóirí tríú páirtí agus foirne inmheánacha maidir le feidhmiúlacht córais, nuashonraithe, agus dearbhú cáilíochta sonraí.
- A chinntiú go bhfuil taifid, comhfhreagrais, agus comhaid tionscadal á gcothabháil i gcomhréir le polasaithe bainistithe faisnéise Fhís Éireann.
Comhordú agus Tacaíocht Tionscadal- Tacú le comhordú agus seachadadh tionscadail léirithe thar tír isteach, lena n-áirítear ábhair scabhtála, gailearaithe íomhá, cuir i láthair, agus spléachleabhair a chruthú.
- Cabhrú le comhordú réamhchuairteanna suíomhanna agus socruithe lóistíochtúla a bhaineann le foirne léirithe ar cuairt.
- Anailís scripte agus miondealú láithreacha a dhéanamh le suíomhanna cuí Éireannacha a aithint do thionscadail atá le teacht.
- Tacú le seachadadh straitéis léirithe thar tír isteach Fhís Éireann trí bhailiúchán sonraí, tuairisciú, agus teagmháil le páirtithe leasmhara.
Cumarsáid agus Bolscaireacht- Cabhrú leis an gCeann Léirithe Thar Tír Isteach i bhforbairt ábhair bholscaireachta agus cuir i láthair chun tairiscint léirithe na hÉireann a chur chun cinn.
- Cuir le huasdátú ábhair ar an suíomh gréasáin agus le comhthaobhacht bolscaireachta chun feiceálacht na hÉireann mar shuíomh scannánaíochta a chur chun cinn.
- Tacú le comhordú cruinnithe, imeachtaí, agus rannpháirtíochtaí le páirtithe leasmhara idirnáisiúnta agus náisiúnta ar mhaithe le hÉirinn a chur chun cinn mar shuíomh scannánaíochta.
Feabhsúchán Leanúnach agus Comhoibriú- Cuir le feabhsúcháin phróisis chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht oibríochtaí léirithe thar tír isteach.
- Comhoibriú le comhghleacaithe ar fud Fhís Éireann chun teacht ar chomhréitigh maidir le himeachtaí, roinnt faisnéise, agus seachadadh thosaíochtaí na heagraíochta.
- Caighdeán ard gairmiúlachta, comhoibrithe, agus seirbhíse do chustaiméirí a choimeád i ngach idirghníomhaíocht le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.
Rannchuideoidh an sealbhóir poist go solúbtha ar fud na foirne, agus tacaíocht á tabhairt do chomhghleacaithe le gníomhaíochtaí atá ailínithe le grád an Oifigigh Feidhmiúcháin. Leis an gcur chuige comhoibríoch sin, cinntítear deiseanna d’fhoghlaim chomhroinnte, forbairt ról agus freagrúlacht do thosaíochtaí foirne.
Níl sé beartaithe go gcuimseoidh an sainchuntas poist liosta cuimsitheach de ghníomhaíochtaí, dualgais nó freagrachtaí. D’fhéadfadh sé go sannfaí dualgais bhreise bunaithe ar riachtanais oibríochtúla gnó.
PRÍOMHRIACHTANAIS BHUNRIACHTANACHA- Trí bliana de thaithí ábhartha, ar a laghad, i riarachán, oibríochtaí, nó comhordú tionscadal, sa scannánaíocht, sa teilifís, sna hearnála cruthaitheachta, sa turasóireacht, nó i réimse cosúil leo, más féidir.
- Cuntas teiste láidir maidir le tionscadail nó tascanna riaracháin a bhainistiú agus a chur i gcrích, le héifeachtúlacht, agus súil ghrinn.
- Inniúlacht léirithe ar a bheith ag plé le córais nó bunachair sonraí dhigiteacha, lena n-áirítear an cumas ábhar agus faisnéis d’ardchaighdeán a uaslódáil, a chur in eagar, agus a chothabháil.
- Ardscileanna TF, le taithí phraiticiúil ar uirlisí digiteacha a úsáid chun sreabhadh oibre a bhainistiú, chomh maith le tuairisciú agus cumarsáid a dhéanamh (amhail MS Office, SharePoint, CRM, nó ríomhardáin).
- Sárscileanna cumarsáide scríofa agus ó bhéal, lena n-áirítear tuairiscí, cuir i láthair, agus ábhair bholscaireachta a ullmhú, a chur in eagar, agus a fhormáidiú.
- Inniúlacht chruthaithe déileáil le tosaíochtaí iomadúla, spriocanna a bhaint amach go leanúnach, agus feidhmiú go héifeachtach faoi bhrú agus ar luas tapa i dtimpeallacht fhuinniúil.
- Taithí bheith ag comhoibriú laistigh d’fhoireann bheag agus lúfar agus caidrimh oibre láidre a thógáil le comhghleacaithe inmheánacha agus páirtithe seachtracha araon.
- Dearcadh proifisiúnta, eagraithe agus réamhghníomhach, a léiríonn breithiúnas grinn agus gealltanas na caighdeáin is airde oibre a bhaint amach.
TRÉITHE INMHIANAITHE - Eolas ar, nó suim láidir in earnáil an léiriúcháin scáileáin, lena n-áirítear scannánaíocht, teilifís, nó cruthú inneachair, le tuiscint ar shaol léirithe na hÉireann.
- Cleachtadh ar bhainistíocht suíomhanna nó sreafaí léirithe scannán, amhail scabhtáil suímh, ceadanna a fháil, nó cúrsaí lóistíochta léirithe a chomhordú.
- Taithí tacú le cur chun cinn nó le margaíocht tionscadal, lena n-áirítear baint i gcruthú ábhair fhísiúla, dhigiteacha, nó léirithe.
- Tuiscint ar thimpeallacht na hearnála poiblí in Éirinn, le heolas ar chaighdeáin rialachais, chomhlíontachta, agus freagrachta.
- Taithí ar a bheith ag obair le gairmithe cruthaitheacha, cuideachtaí léiriúcháin, nó gníomhaireachtaí cultúir, agus tuiscint ar a gcomhthéacs agus riachtanais oibríochtúla.
- Gealltanas léirithe don chothromas, éagsúlacht, ionchuimsitheacht, agus inbhuanaitheacht i gcleachtas proifisiúnta.
- Cáilíocht agus/nó oiliúint fhoirmeálta i ndisciplín ábhartha amhail staidéar scannán, na meáin, cumarsáid, nó riarachán gnó (CNC Leibhéal 6 nó níos airde).
- Tá sé inmhianaithe go mbeadh cumas sa Ghaeilge ag an iarrthóir.
PRÍOMHSCILEANNA NÓ PRÍOMHINNIÚLACHTAÍI gcomhréir le
Creat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tabharfaidh iarrthóirí faoi mheasúnú agus cuirfear agallaimh orthu a bheidh dírithe ar na
Croí‑Inniúlachtaí seo a leanas:
- Ullmhacht don Todhchaí a Chothú
- Soláthar Bunaithe ar Fhianaise
- Treorú agus Cumhachtú
- Cumarsáid a Dhéanamh agus Comhoibriú
*Tá Gnáth‑théacs inrochtana den Chreat Inniúlachta le haghaidh na ngrád éagsúil de chuid na hearnála poiblí le fáil ag:
Creat Inniúlachta Ullmhacht don Todhchaí a ChothúLéireoidh an té a cheapfar oscailteacht i leith athraithe agus nuálacha, tabharfaidh sé nó sí smaointe agus glacfaidh sé nó sí le teicneolaíochtaí nua chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht fheidhm an Léirithe Thar Tír Isteach. Léireoidh an té a cheapfar solúbthacht i dtimpeallacht fhuinniúil, agus bainfidh úsáid mhuiníneach as uirlisí digiteacha chun sreafaí oibre agus torthaí a fheabhsú. Tiomantas don fhoghlaim agus forbairt phroifisiúnta leanúnach léirithe trí thoilteanas aiseolas a lorg, a bhfuil foghlamtha a chur i bhfeidhm, agus bheith freagrúil do threochtaí earnála atá ag teacht chun cinn.
Sármhaitheas a SholátharÉilíonn an ról seo miondíriú ar thorthaí, leis an gcumas tascanna iomadúla a phleanáil, a chur in ord tosaíochta, agus a bhainistiú chun spriocanna a bhaint amach agus cruinneas agus aird ar mhionsonraí a choinneáil. Léireoidh an té a cheapfar acmhainneacht agus solúbthacht maidir le tosaíochtaí iomaíocha a bhainistiú, ag glacadh le cur chuige réamhghníomhach atá dírithe ar réitigh. Beidh bród acu as a gcuid oibre a chur i gcrích go leanúnach ar ardchaighdeán agus cur le héifeachtúlacht fhoriomlán fhoireann Léirithe Thar Tír Isteach.
Soláthar Bunaithe ar FhianaiseBainfidh an té a cheapfar leas as breithiúnas grinn agus cumas anailíse le cinntí a dhéanamh, ag úsáid faisnéise ó fhoinsí éagsúla le léargais shoiléire agus moltaí a sholáthar. Rachaidh siad i ngleic le dúshláin go loighciúil agus as a stuaim féin, ag léiriú cur chuige struchtúrtha agus proifisiúnta chun fadhbanna a réiteach. Beidh discréid agus rúndacht mar bhonn gach gné dá gcuid oibre, a chinnteoidh go ndéanfaí cinntí go stuama a thagann le caighdeáin agus polasaithe na heagraíochta.
Treorú agus CumhachtúTabharfaidh an té a cheapfar faoin bpost le sláine, féinfheasacht, agus gairmiúlacht, agus sampla dearfach a thabhairt do dhaoine eile agus rannchuidiú le cultúr foirne atá idir thacúil agus chomhoibríoch. Glacfaidh siad úinéireacht ar a gcuid oibre féin, léireoidh siad freagracht agus tionscnaíocht, ag tabhairt smaointe d’fheabhsúchán próisis agus sármhaitheas oibríochtúil. Beidh an inniúlacht eolas a roinnt, tacú le comhghleacaithe, agus cuir le comhrath na foirne lárnach i gcur chuige an té a cheapfar.
Cumarsáid a Dhéanamh agus ComhoibriúTá cumarsáid agus comhoibriú éifeachtach lárnach don rath sa ról seo. Cuirfidh an tOifigeach Feidhmiúcháin iad féin iúl go soiléir, proifisiúnta, agus le meas, ag dul in oiriúint do dhaoine agus do chomhthéacsanna difriúla. Cothóidh sé nó sí caidrimh dhearfacha le comhghleacaithe, páirtithe leasmhara, agus comhpháirtithe, chun comhoibriú agus comhthuiscint a chur chun cinn. Cuirfidh siad le timpeallacht foirne dhearfach ina roinntear faisnéis go hoscailte, agus ina bhfuil luach ar leith ag baint leis an gcomhoibriú mar mhodh chun spriocanna roinnte a bhaint amach.
Comhionannas, Éagsúlacht agus IonchuimsitheachtLéireoidh an té a cheapfar tuiscint agus gealltanas don chomhionannas, don éagsúlacht agus don ionchuimsitheacht, ag cinntiú go bhfuil na prionsabail seo leabaithe i ngach gné dá gcuid oibre. Cothóidh siad cultúr measúil agus ionchuimsitheach ina bhfuil luach ard ar thuairimí éagsúla, agus déanfaidh siad machnamh ar thionchar cinntí, próiseas, agus cumarsáide ar ghrúpaí difriúla. Gníomhóidh siad mar eiseamláir don chothroime agus don ionracas, ag cur leis an bhfís atá ag Fís Éireann mar áit oibre atá tacúil, ionchuimsitheach, agus cothrom.
SONRAÍ AGUS TÉARMAÍ AN RÓIL- Tá an post seo ar leibhéal an Oifigigh Feidhmiúcháin agus tá tuarastal €37,919 ag dul leis in aghaidh na bliana. Líonfar an ról seo de réir an Bheartais Íocaíochta Poiblí ar an gcéad phointe den Scála Tuarastail ach gurb é go gceaptar an t-iarratasóir rathúil ó ról reatha san earnáil phoiblí. Cur i bhfeidhm Choigeartuithe Pá an 1 Lúnasa 2025.
- Is post buan lánaimseartha conartha é seo.
- Beidh ar an iarrthóir rathúil Cód Iompair Fhís Éireann a shíniú.
- Beidh tréimhse phromhaidh 6 mhí i gceist leis an ról.
- Beidh an ról seo freagrach go díreach don Cheann Léirithe Thar Tír Isteach.
- Beidh an post lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
- Saoire bhliantúil (níl laethanta saoire bainc san áireamh) de 23 lá.
- Dáta Tosaithe chomh luath agus is féidir.
INCHÁILITHEACHT CHUN DUL SAN IOMAÍOCHT AGUS SRIANTA ÁIRITHE AR INCHÁILITHEACHT Riachtanais Saoránachta. Ní mór d'Iarrthóirí Incháilithe:
- A bheith ina saoránach den Limistéir Eorpach Eacnamaíoch. Tá an LEE comhdhéanta de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua;
- A bheith ina saoránach den Ríocht Aontaithe (RA);
- A bheith ina saoránach de chuid na hEilvéise de bhun an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis maidir le saorghluaiseacht daoine; nó Saoránach neamh-LEE a bhfuil víosa le stampa uimhir 4 nó víosa le stampa uimhir 5 aige/aici.
Chun cáiliú, ní mór d'iarrthóirí a bheith incháilithe faoin dáta a thairgtear aon phost.
PRÓISEAS IARRATAISCuirtear fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil spéis acu sa ról
CV mionsonraithe ina leagtar béim ar thaithí ábhartha mar aon le
litir chumhdaigh a chur ar aghaidh faoi rún daingean ach cliceáil ar nasc an fholúntais ar ár suíomh gréasáin.
DÁTA DEIRIDH D’IARRATAIS: 5.00 p.m., Dé Déardaoin 4 Nollaig 2025.
IARRATAIS: RIACHTANAIS NA LITREACH CUMHDAIGHMar chuid de do litir chumhdaigh, ba cheart duit na scileanna agus an taithí atá agat a chomhlíonann riachtanais an phoist a leagan amach. Beidh na hiarratais go huile agus go hiomlán faoi rún. I gcomhréir le Creat Inniúlachtaí na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tabharfaidh iarrthóirí ar an ról seo faoi mheasúnú agus cuirfear faoi agallamh iad ina ndíreofar ar
Chreat Inniúlachta na Seirbhíse Poiblí do Leibhéal Oifigigh Feidhmiúcháin ach gan bheith teoranta dó sin.
IARRATAIS: CEISTEANNA DON LITIR CHUMHDAIGHIarraimid ar gach iarrthóir litir chumhdaigh a chur isteach mar chuid dá iarratas nó dá hiarratas. Sa litir chumhdaigh, iarrtar ort na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt:Ceisteanna Scagtha le haghaidh Litir Chumhdaigh- Cén fáth a bhfuil tú ag isteach ar an ról seo le Fís Éireann ag an am seo, agus cén rud is mó a bhfuil spéis agat ann a bhainfeadh le obair le feidhm an Léirithe Thar Tír Isteach?
- Ainmnigh na trí láidreacht a thabharfá don ról seo, agus ainmnigh trí réimse nó scil ar mhaith leat cur leo sa ról seo.
- Déan cur síos ar do chuid taithí ag comhordú nó ag tacú le tionscadail, ag bainistiú sonraí nó córais dhigiteacha, nó ag soláthar tacaíocht riaracháin d’ardchaighdeán i dtimpeallacht ghnóthach. Cad iad na cuir chuige nó na huirlisí ar bhain tú leas astu chun seachadadh go héifeachtach?
- Cén taithí atá agat ag baint úsáid as ardáin nó uirlisí digiteacha chun faisnéis a bhainistiú, sreafaí oibre a fheabhsú, nó tacú leis an gcumarsáid? Tabhair samplaí den chaoi ar úsáid tú teicneolaíocht chun cur le héifeachtúlacht nó comhoibriú.
- Déan cur síos ar do chuid taithí ar bheith ag obair le raon páirtithe leasmhara, go hinmheánach agus go seachtrach, agus ar an gcaoi ar thóg tú caidrimh oibre dhearfacha agus phroifisiúnta. Céard atá foghlamtha agat faoi chomhoibriú agus cumarsáid éifeachtach?
Ní chuirfear iarrthóirí nach bhfreagraíonn na ceisteanna riachtanacha ina litir chumhdaigh ar an ngearrliosta. GEARRLIOSTÚFéadfaidh Fís Éireann, i gcás inar gá, próiseas gearrliostaithe a chur i bhfeidhm chun an líon iarrthóirí a théann ar aghaidh chuig céim an agallaimh a bhainistiú. Cé gur féidir go gcomhlíonfaidh iarrthóirí na critéir incháilitheachta shonraithe, is féidir nach mbeidh sé praiticiúil gach duine a ghlao ar aghaidh le haghaidh measúnú mar gheall ar an líon iarratas.
Sna himthosca sin, beidh an gearrliostú bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn tú i do litir chumhdaigh agus curriculum vitae, agus ar fhreagraí ar na ceisteanna a leagtar amach sa sainchuntas poist. Cuirfear béim ar leith ar conas a léiríonn iarrthóirí na croí‑inniúlachtaí is gá, mar a leagtar amach i gCreat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, i dteannta aon tréithe inmhianaithe a sainaithníodh don ról.
Ceapadh an próiseas sin le go sainaithneofar na hiarrthóirí sin is mó a thagann le riachtanais an róil, bunaithe ar an bhfianaise a sholáthair siad ina n‑iarratas. Ní thugtar le fios leis sin go bhfuil iarrthóirí eile mí‑oiriúnach nó nach féidir leo tabhairt faoin ról; ina ionad sin, cinntítear leis sin go dtugtar cuireadh chun agallaimh dóibh sin ar cosúil go bhfuil ailíniú a gcuid cáilíochtaí, taithí agus inniúlachta ar an ailíniú is ábhartha.
AN PRÓISEAS ROGHNÚCHÁINIs féidir go n‑áireofar ceann amháin nó níos mó de na céimeanna seo a leanas sa phróiseas roghnúcháin do róil laistigh d’Fhís Éireann:
- Gearrliostú iarrthóirí bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh ina n‑iarratas (CV agus litir chumhdaigh).
- Cleachtadh nó measúnú scríofa, agus is féidir go reáchtálfar sin ar líne nó i láthair go pearsanta.
- Cur i láthair nó cleachtaí eile atá ábhartha maidir leis an ról.
- Agallamh nó agallaimh, a dhéantar ar líne nó i láthair go pearsanta.
- Samplaí oibre nó tástálacha nó measúnuithe eile a mheastar a bheith iomchuí don phost.
I gcás iarrthóirí dár tugadh cuireadh páirt a ghlacadh in aon chéim den phróiseas, soláthrófar sonraí iomlána dóibh roimh ré. Is faoi na hiarrthóirí atá sé a chinntiú go mbeidh a gcuid sonraí teagmhála cruinn agus cothrom le dáta.
Má thugtar cuireadh chun agallaimh nó measúnaithe duit agus mura bhfuil tú in ann freastal air ag an tráth sonraithe, is féidir nach mbeifear in ann athsceidealú, agus is féidir go measfar gur tarraingíodh d’iarratas siar ón gcomórtas.
TREOIR D’IARRTHÓIRÍChun cothroime agus comhsheasmhacht a chinntiú, moltar do na hiarrthóirí uile a gcuid freagraí iarratais agus agallaimh a struchtúrú agus úsáid á baint as an
modh STAR:
- S – Situation (Staid): Leag amach an cúlra nó an comhthéacs.
- T – Task (Tasc): Mínigh an dúshlán nó an fhreagracht a bhí os do chomhair.
- A – Action (Gníomhaíocht): Déan cur síos ar na céimeanna sonracha a thóg tú.
- R – Result (Toradh): Comhroinn an toradh, an fhoghlaim nó an tionchar.
Le linn an phróisis roghnúcháin, déanfar measúnú ar na hiarrthóirí in aghaidh na gCroí-Inniúlachtaí a leagtar amach i g
Creat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí don ghrád ábhartha. Molaimid go mór d’iarrthóirí:
- Tagairt a dhéanamh d’inniúlachtaí an ghráid ábhartha agus samplaí á n‑ullmhú acu.
- Samplaí soiléire, sonracha a roghnú lena léirítear conas atá a dtaithí ag teacht leis na riachtanais inniúlachta.
- Saineolas teicniúil nó gairmiúil agus inniúlachtaí iompraíochta araon a léiriú ina gcuid freagraí.
RÚNDACHTFaoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, déileálfar le hiarratais faoi rún daingean.
COSAINT SONRAÍDéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir lenár bh
Fógra Príobháideachais d’Fhostaithe.
TIOMANTAS DON CHOMHIONANNAS, DON ÉAGSÚLACHT AGUS DON IONCHUIMSITHEACHTIs fostóir comhdheiseanna é Fís Éireann agus tá sé tiomanta ionad oibre cuimsitheach a chothú a chuireann luach ar éagsúlacht na foirne oibre agus a bhaineann tairbhe as an éagsúlacht chéanna. Tá Fís Éireann faoi choimirce na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.
Tá Fís Éireann tiomanta do rath an tionscail amach anseo trí infheistíochtaí straitéiseacha i dtallann agus i scileanna a bhfuil éagsúlacht, cothromas agus ionchuimsiú ag a gcroílár. Tuigimid go bhfuil sé ríthábhachtach cultúr dearfach a chothú, agus luachanna cothroime, inbhuanaitheachta, éagsúlachta, cothromais agus ionchuimsitheachta mar bhonn agus mar thaca aige, chun tallann a mhealladh agus a choinneáil.
Mar eagraíocht ionchuimsitheach, oibrímid go gníomhach i dtreo éagsúlacht agus ionchuimsiú a chur chun cinn ar fud na hearnála scáileáin ar fad. Cinntíonn ár gcur chuige ionchuimsitheach maidir le hacmhainn a thógáil go bhfuil gach tionscnamh deartha le go mbeidh sé inrochtana do chách, rud a léiríonn ár dtiomantas do thionscal éagsúil agus cothrom. Inár ngníomhaíochtaí earcaíochta, tugaimid tús áite d'fhórsa saothair a chruthú a léiríonn éagsúlacht agus comhionannas, ag leagan síos tagarmharc nua le haghaidh barr feabhais agus uilechuimsitheachta. Cuireann Fís Éireann fáilte roimh chách a bheith linn ar an aistear seo i dtreo tionscal scáileáin a mhúnlú ina ndéantar ceiliúradh ar thallann chomhchoiteann agus an neart atá le fáil san ilchineálacht.
INROCHTAINEACHT AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTATá Fís Éireann tiomanta do phróiseas earcaíochta ionchuimsitheach agus inrochtana a chinntiú. Má éilíonn tú socruithe réasúnta ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin, cuir ar an eolas muid ach ríomhphost a chur chuig recruitment@screenireland.ie. Déanfaimid gach iarracht chun na socruithe is gá a sholáthar chun tacú le do rannpháirtíocht.
Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi inrochtaineacht nó faoin bpróiseas socruithe, déan teagmháil lenár bhFoireann Acmhainní Daonna mar a leagtar amach san fhógra poist ábhartha ar ár
Leathanach folúntas. ÁR dTIOMANTAS DON INBHUANAITHEACHTTá Fís Éireann tiomanta d’inbhuanaitheacht a leabú ar fud ár n‑eagraíochta agus na hearnála scáileáin trí chéile. Trínár bPlean Inbhuanaitheachta
Cineálta, troidimid ar son cleachtais atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de inár gcuid oibríochtaí laethúla, tacaímid le táirgeadh inbhuanaithe trí thionscnaimh mhaoiniúcháin agus tionscail agus molaimid dár bhfoireann agus dár gcomhpháirtithe an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú. Feictear dúinn go bhfuil inbhuanaitheacht lárnach chun tionscal scáileáin atá athléimneach, nuálach agus freagrach a chothú, tionscal a bheidh faoi bhláth do na glúnta atá le teacht.
CEISTEANNAMá bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an gcomórtas seo nó leis an bpróiseas earcaíochta, déan teagmháil leis an bhFoireann AD ag recruitment@screenireland.ie. Táimid sásta tuilleadh faisnéise a sholáthar ar an ról, ar an bpróiseas iarratais, nó ar inrochtaineacht agus socruithe réasúnta.
CEARTA IARRTHÓIRÍ: NÓSANNA IMEACHTA ATHBHREITHNITHETá Fís Éireann tiomanta do chothroime agus trédhearcacht ina próisis earcaíochta agus roghnúcháin. Cé nach bhfuil Fís Éireann faoi cheangal foirmiúil ag Cód Cleachtais an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, is amhlaidh a leanaimid a phrionsabail agus a threoir maidir le hiarrataí athbhreithnithe a bhainistiú.
I gcás iarrthóirí ar mian leo athbhreithniú a iarraidh ar aon ghné den phróiseas roghnúcháin, féadfaidh siad déanamh amhlaidh, agus measfar go bhfuil na hiarrataí sin i gcomhréir le spiorad Chód Cleachtais an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Is féidir breathnú ar an gCód ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí:
www.cpsa.ie.
SOCHAIR AG FÍS ÉIREANN- Pá Saoire Máithreachais/Saoire Uchtála.
- Pá Saoire Atharthachta.
- Saoire Tuismitheora
- Saoire Bhreoiteachta Íoctha
- Saoire Mhéala agus Atruach
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Obair Chumaisc (faoi réir róil)
| - Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Cúnamh Oideachasúil
- Pinsean Ranníocach
- Clár Cúnaimh d'Fhostaithe
- Saoire Phósta
- Taxsaver
- Scéim na Rothar chun Oibre
|