Maidir le Fís ÉireannTáimid ag lorg Tallann nua i bhFís Éireann chun cur lenár bhfoireann a bhíonn ag fás i gcónaí. Beidh tú mar dhuine de phobal cumasach éagsúil fostaithe a bhfuil sé mar mhisean agus mar phaisean acu forbairt ar Thionscail Scannánaíocht, Dhrámaíocht Teilifíse, Bheochan, Chlár Faisnéise, Mhaisíochtaí Físe agus Chluichíocht Dhigiteach na hÉireann a chur chun cinn agus tacú leis sin.
Mar ghníomhaireacht náisiúnta do thionscal scannánaíochta, drámaíochta teilifíse, beochana agus cláir faisnéise na hÉireann, is é Fís Éireann comhpháirtí cruthaitheach na hearnála, a infheistíonn i dtallann, ildánacht agus fiontar. Faighimid spreagadh ó bhunscéalaíocht a chorróidh an lucht féachana go mothúchánach sa bhaile agus i bhfad i gcéin. Trí réimse leathan tacaíochtaí maoinithe praiticiúla um fhorbairt, léiriú, dáileachán, cur chun cinn agus forbairt scileanna, tugann Fís Éireann tacaíocht don earnáil ag gach céim. Tugaimid tacaíocht do dhéantóirí scannán agus iad i mbun scéalta ealaíonta, cultúrtha agus tráchtála a roinnt go cruthaitheach ar an scáileán.
Ár gCultúr agus ár nGealltanaisAg Fís Éireann, táimid bródúil cultúr a chothú san ionad oibre, cultúr atá bunaithe ar chruthaitheacht, ionchuimsitheacht agus meas. Trínár gcreat Cineálta, cuirimid an tábhacht chéanna ar fholláine, ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, ar an inbhuanaitheacht, agus ar an gcothromas, ar an éagsúlacht agus ar an ionchuimsitheacht (CÉI). Tacaímid go gníomhach lenár gcuid fostaithe ionas go mbeidh siad faoi bhláth go pearsanta agus go gairmiúil, agus deiseanna á dtairiscint againn chun a gcuid scileanna a fhás, rannchuidiú le tionscadail fhiúntacha agus a bheith mar chuid de phobal comhoibríoch. Táimid tiomanta do lucht saothair a chruthú lena léirítear éagsúlacht an lucht féachana ar a bhfreastalaímid agus na scéalta a dtacaímid leo ar an scáileán. Cuirimid fearadh na fáilte roimh iarratais ó dhaoine a mbaineann gach cúlra, eispéireas agus peirspictíocht leo agus a chomhlíonann riachtanais an róil, agus déanaimid an t‑ionchur uathúil a thugann gach duine dár n‑eagraíocht a cheiliúradh.
FORLÉARGAS AR AN RÓLOibreoidh an Bainisteoir Tionscadail, Príomhscannán, Teilifís agus Beochan go dlúth leis an gCeannasaí ar Phríomhscannán chun liosta de phríomhscannáin agus cláir faisnéise de chuid Fhís Éireann – ón gcéim forbartha déanaí a fhad le céim an léirithe, an tsoláthair agus an tsaothraithe – a bhainistiú, faireachán a dhéanamh orthu agus tacú leo. Beidh ról ríthábhachtach ag an sealbhóir poist chun measúnuithe cruthaitheachta agus airgeadais, maoirseacht tionscadail, agus rannpháirteachas páirtithe leasmhara d’ardchaighdeán a sholáthar chun dul chun cinn tionscadal a chinntiú de réir chuspóirí straitéiseacha, eagarthóireachta agus eagraíochtúla Fhís Éireann.
Éilíonn an post seo bainistiú tionscadail praiticiúil, lena n-áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar scripteanna agus ar ábhair léiriúcháin, garspriocanna a rianú, comhlíonadh bheartais Fhís Éireann a chinntiú, riachtanais chonarthacha a bhainistiú, agus gníomhú mar phríomhphointe teagmhála do léiritheoirí, scríbhneoirí, stiúrthóirí, gníomhairí díolacháin, dáileoirí agus comhpháirtithe cómhaoinithe. Cuirfidh an sealbhóir poist freisin le measúnú agus le cur chun cinn na n-iarratas forbartha, agus tacóidh siad le haidhmeanna straitéiseacha níos leithne na feidhme Léirithe agus Forbartha.
Cé gurb iad tionscadail Príomhscannáin agus Faisnéise príomhchúram an róil, ceanglaítear ar an sealbhóir poist oibriú go solúbtha ar fud thionscadail na teilifíse réamhscriptithe agus na beochana de réir mar a fhorbraíonn riachtanais eagraíochtúla. Cinntíonn an tsolúbthacht thrasearnálach seo cur chuige comhtháite agus ailínithe maidir le measúnú forbartha, dul chun cinn tionscadail, agus tacaíocht earnála ar fud raon iomlán ábhar maoinithe Fhís Éireann.
Beidh an té sa ról freagrach don Cheannasaí ar Phríomhscannán agus d’fhéadfadh sé go bhforbrófaí an ról i gcomhréir le tosaíochtaí na heagraíochta.
FORBHREATHNÚ AR AN bhFEIDHM Is éard is gnó Forbartha agus Léirithe Fhís Éireann ná a bheith freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt, léiriú agus soláthar ábhair ar ardchaighdeán agus chun tacú leo agus chun iad a chumasú ar fud scannán, teilifíse, beochana agus cláir faisnéise. Cuireann an fhoireann maoiniú straitéiseach, treoir chruthaitheach agus eagarthóireachta, agus maoirseacht struchtúrtha ar fáil do scríbhneoirí, stiúrthóirí, léiritheoirí agus stiúideonna beochana, lena n-áirithítear go ndéantar dul chun cinn ar thionscadail i gcomhréir le cuspóirí cultúrtha, cruthaitheacha agus tionscail Fhís Éireann.
Chomh maith le píblínte tionscadail a bhainistiú, tá ról lárnach ag an bhfeidhm maidir le tacú le forbairt tallainne, scéalaíocht nuálach agus éagsúil a chothú, agus acmhainneacht na hÉireann a neartú ar fud na n-earnálacha scáileáin uile. Áirítear leis sin tionscnaimh forbartha a threorú, scéimeanna maoiniúcháin spriocdhírithe a dhearadh, agus comhpháirtíochtaí a chothú le craoltóirí, dáileoirí, airgeadaithe agus comhoibrithe idirnáisiúnta. Cinntíonn an fhoireann freisin ailíniú le straitéisí eagraíochtúla níos leithne agus cuireann sí le hinbhuanaitheacht, fás agus infheictheacht dhomhanda thionscail scáileáin na hÉireann.
GRÁD AN PHOIST Bítear ag súil go mbeadh na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha ann don phost, go mbeidh an Bainisteoir Tionscadail, Príomhscannán ar leibhéal an Chéad Phointe den Innealtóir Ghrád II agus Cuntasóir Gairmiúil Ghrád II.
LÍNE NÓ LÍNTE TUAIRISCITHEBeidh an té sa ról freagrach don Cheannasaí ar Phríomhscannán agus oibreoidh siad go dlúth leis an gCeannasaí Teilifíse agus Beochana agus beidh siad ar fáil dó chomh maith maidir le hobair thionscadail de réir mar is gá. Tacaíonn an socrú seo le comhoibriú, cumarsáid agus soláthar éifeachtach ar fud an ghnó Léirithe agus Forbartha. Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar línte tuairiscithe ó am go ham chun riachtanais athraitheacha ghnó a léiriú.
PRÍOMHFHREAGRACHTAÍBainistíocht Tionscadail & Tacaíocht Liosta – Dírithe ar Scannán- Punann de phríomhscannáin agus de thionscadail faisnéise a bhainistiú ar feadh a saolré iomláine, ó chéim na forbartha a fhad le céim an léirithe agus an tsoláthair, lena gcuimsítear beo-aicsean, Gaeilge, gnébheochan agus cláir faisnéise, chomh maith le réimsí ábhartha eile de réir mar a thagann siad chun cinn, lena n-áirithítear ailíniú le cuspóirí cruthaitheacha, airgeadais agus straitéiseacha.
- Tacú le scríbhneoirí, léiritheoirí agus stiúrthóirí scripteanna, sceidil, buiséid agus ábhair eile a bheachtú, ag treorú tionscadal ó ardfhorbairt go pacáistiú, maoiniú, táirgeadh agus saothrú ar aghaidh.
- Bheith ag comhordú le comhairleoirí scripte seachtracha, léitheoirí nó meantóirí de réir mar is gá chun ábhair chruthaitheacha a neartú agus ullmhacht eagarthóireachta, airgeadais agus margaidh a fheabhsú.
- Faireachán a dhéanamh ar gharspriocanna léiriúcháin, táirgí insoláthartha, oibleagáidí conarthacha, tuarascálacha costais, sceidil, agus ceanglais maidir le tarraingt anuas chun a áirithiú go gcomhlíonfar caighdeáin agus creataí maoiniúcháin Fhís Éireann.
- Maoirseacht a dhéanamh ar dhul chun cinn rianúil tionscadal scannáin trí phróisis inmheánacha formheasa, chonraitheoireachta, mhaoinithe agus soláthair.
Measúnú Cruthaitheachta agus Eagarthóireachta - Trasliosta- Measúnuithe struchtúrtha eagarthóireachta, cruthaitheachta agus airgeadais a dhéanamh ar aighneachtaí i dtaca le Príomhscannáin agus Cláir Faisnéise, ag aiseolas soiléir atá bunaithe ar fhianaise á chur ar fáil maidir le scripteanna, cóireálacha, buiséid, sceidil agus pleananna léiriúcháin.
- Rannchuidiú le babhtaí measúnaithe ar fud scéimeanna forbartha na Teilifíse réamhscriptithe agus Beochana nuair is gá, lena n-áirithítear caighdeáin chomhsheasmhacha agus comhleanúnachas ar fud an liosta léiriúcháin i gcoitinne.
- Breithiúnas anailíseach a chur i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht chruthaitheach, indéantacht tionscadail, inmharthanacht airgeadais, agus ailíniú le haidhmeanna straitéiseacha agus sainchúram seirbhíse poiblí Fhís Éireann.
- Páirt a ghlacadh i bplé eagarthóireachta agus i bpleanáil forbartha, tacú leis an gCeannasaí ar Phríomhscannán i dtreo tionscadail a mhúnlú agus forbairt tallainne nó riachtanais tacaíochta a shainaithint.
- Páirt a ghlacadh san athbhreithniú ar chiorruithe agus ar phríomhábhair chruthaitheacha eile, aiseolas a sholáthar agus plé a éascú le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha chun ailíniú le cuspóirí cruthaitheacha agus straitéiseacha a chinntiú.
Rannpháirteachas Páirtithe Leasmhara agus Idirghabhálaí Tionscail- Feidhmiú mar phríomhphointe teagmhála do léiritheoirí scannán, stiúrthóirí, cuideachtaí léiriúcháin, gníomhairí díolacháin, dáileoirí, comhpháirtithe comhléiriúcháin, agus airgeadaithe eile.
- Idirchaidreamh a dhéanamh le comhpháirtithe intíre agus idirnáisiúnta chun tionscadail a chur chun cinn ó thaobh cruthaitheachta agus airgeadais de, lena n-áirithítear cumarsáid shoiléir, thráthúil agus ghairmiúil.
- Freastal agus ionadaíocht a dhéanamh d'Fhís Éireann ag fóraim, margaí, féilte agus imeachtaí seachtracha tionscail ainmnithe, i gcás inarb iomchuí agus de réir mar a threoraítear iad, lena léirítear an toilteanas agus an tsolúbthacht is gá chun tacú le tosaíochtaí na heagraíochta.
- Caidrimh láidre oibre a chothabháil le foirne inmheánacha chun sreafaí oibre comhordaithe agus comhroinnt faisnéise éifeachtach a éascú.
- Oibriú go dlúth leis an gCeann Lucht Féachana chun caidrimh láidre a fhorbairt agus a choinneáil le gníomhairí díolacháin, dáileoirí, agus craoltóirí/ardáin sruthaithe.
- A chinntiú go ndéantar gach cur in aithne agus cruinniú le gníomhairí díolacháin agus dáileoirí a chomhordú tríd an gCeann Lucht Féachana.
Moltaí agus Cáipéisíocht maidir le Maoiniú- Measúnuithe scríofa ardchaighdeáin, moltaí, agus seisiúin faisnéise atá réidh don Bhord a ullmhú maidir le hiarratais forbartha agus léirithe.
- A chinntiú go bhfuil na moltaí go léir mionchúiseach, oibiachtúil, bunaithe ar fhianaise, agus ailínithe le creata rialachais, beartais, agus straitéise Fhís Éireann.
- Comhaid tionscadail chuimsitheacha agus cáipéisíocht chuimsitheach a choinneáil chun tacú le ceanglais tuairiscithe inmheánaigh, iniúchóireachta, chomhlíontachta, agus faireacháin.
Rannchuidiú Straitéiseach agus Eagraíochtúil- Rannchuidiú le straitéis phríomhscannáin agus faisnéise Fhís Éireann a fhorbairt agus a chur chun feidhme, tacú le tionscadail ar feadh a saolré iomláine ón bhforbairt go dtí an léiriú agus an scaoileadh, agus rannchuidiú le straitéisí Teilifíse agus Beochana i gcomhréir le tosaíochtaí na heagraíochta san am céanna.
- Tacú le scéimeanna forbartha scannán, tionscnaimh mhaoinithe agus tacaíochtaí earnála a dhearadh, a sholáthar agus a athbhreithniú.
- Comhoibriú ar fud na foirne Léirithe agus Forbartha, an Aonaid Forbartha, agus feidhmeanna inmheánacha eile chun sreafaí oibre comhtháite agus pleanáil oibríochtúil chomhcheangailte a chinntiú.
- Cuidiú le pleanáil roinne, rianú PTF, agus tuairisciú straitéiseach chun tacú le feidhmíocht eagraíochtúil agus cinnteoireacht.
Solúbthacht Ilréimsiúil- Tabhairt faoi dhualgais atá i gcomhréir le leibhéal AOF laistigh de Chreat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tacú le comhghleacaithe agus rannchuidiú go solúbtha chun tosaíochtaí athraitheacha na heagraíochta a chomhlíonadh.
- Cé go mbaineann an príomhchúram le Príomhscannán agus Faisnéis, oibriú ar fud thionscadail na teilifíse réamhscriptithe agus na beochana de réir mar is gá, ag cur caighdeáin chomhsheasmhacha i bhfeidhm maidir le measúnú ar chruthaitheacht, dul chun cinn tionscadail, meastóireacht airgeadais, agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara.
- Páirt a ghlacadh i mbabhtaí measúnaithe forbartha trasliosta chun cinnteoireacht chomhtháite, foghlaim chomhroinnte agus measúnú ar ardchaighdeán a chinntiú ar fud an liosta Léirithe agus Forbartha.
Rannchuideoidh an sealbhóir poist go solúbtha ar fud na foirne, tabharfaidh siad faoi dhualgais atá i gcomhréir lena leibhéal laistigh de Chreat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí agus tacóidh siad le comhghleacaithe de réir mar is gá. Cinntíonn an cur chuige seo comhoibriú éifeachtach, cuireann sé forbairt ghairmiúil chun cinn, agus cuireann sé ar chumas na foirne freagairt go héifeachtúil do thosaíochtaí na heagraíochta.
Níl sé beartaithe go gcuimseoidh an sainchuntas poist liosta cuimsitheach de ghníomhaíochtaí, dualgais nó freagrachtaí. D’fhéadfadh sé go sannfaí dualgais bhreise bunaithe ar riachtanais oibríochtúla gnó.
PRÍOMHRIACHTANAIS BHUNRIACHTANACHA- Taithí cúig bliana go seacht mbliana ar a laghad in earnálacha teilifíse, eagarthóireachta réamhscriptithe, léiriúcháin, forbartha, nó ábhair gaolmhara.
- Cáilíocht tríú leibhéal ábhartha agus/nó taithí ghairmiúil choibhéiseach sa teilifís, sa scannánaíocht, i léiriú meán, sa scríbhneoireacht scáileáin, i mbainistíocht ealaíon, nó i réimse gaolmhar sa tionscal cruthaitheachta.
- Tuiscint láidir ar phróisis forbartha eagarthóireachta, léamh scripte, agus meastóireacht tionscadail.
- Taithí léirithe ar thionscadail iomadúla agus spriocdhátaí a bhainistiú i dtimpeallacht dhiminiciúil.
- Eolas ar thírdhreach teilifíse na hÉireann agus ar fud an domhain, lena n-áirítear craoltóirí, cuideachtaí léiriúcháin, deiseanna maoinithe, agus próisis choimisiúnaithe.
- Sárscileanna forbartha caidrimh den scoth agus cumas plé le gairmithe tionscail, páirtithe leasmhara sinsearacha, agus tallann chruthaitheach.
- Scileanna anailíseacha láidre leis an gcumas measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht chruthaitheach, inmharthanacht airgeadais, agus ullmhacht tionscadail.
- Scileanna eagrúcháin cruthaithe agus aird ar leith ar mhionsonraí agus ar chruinneas.
- Taithí ar mheasúnuithe scríofa, tuarascálacha, achoimrí nó moltaí a ullmhú le hathbhreithniú a dhéanamh orthu ar leibhéal sinsearach.
- Tiomantas láidir don éagsúlacht, don chothromas, don ionchuimsitheacht agus d’fhorbairt tallainne ar fud na hearnála.
- Eolas ar an ról, sainchúram, agus freagrachtaí atá ag gníomhaireacht scáileáin náisiúnta.
TRÉITHE INMHIANAITHE - Taithí ar bheochan, ar chlár faisnéise, ar ábhar do leanaí, nó ar fhormáidí cóngaracha eile a chomhlánaíonn léiriú na teilifíse réamhscriptithe agus léiriú.
- Taithí ag obair le comhlachtaí maoinithe poiblí, le gníomhaireachtaí scáileáin, le craoltóirí, nó ar scéimeanna maoinithe forbartha agus léiriúcháin a riar.
- Oiliúint nó taithí phraiticiúil in eagarthóireacht scripte, forbairt scéalta, nó measúnú eagarthóireachta le haghaidh teilifíse nó formáidí gaolmhara.
- Eolas ar mhaoiniú tionscadail, buiséadú, sceidealú, sreafaí oibre a choimisiúnú, nó bainistíocht táirgeachta laistigh d’earnáil na Teilifíse nó d’earnálacha cóngaracha.
- Taithí ar chomhléiriúcháin idirnáisiúnta nó ar chomhoibriú le craoltóirí, dáileoirí, gníomhairí díolacháin, nó comhpháirtithe maoiniúcháin eile.
- Tuiscint ar scéalaíocht thrasardáin, lena n-áirítear an chaoi a n-idirghníomhaíonn an teilifís le beochan, scannán, ábhar digiteach, nó teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.
- Tá sé inmhianaithe go mbeadh cumas sa Ghaeilge ag an iarrthóir.
PRÍOMHSCILEANNA NÓ PRÍOMHINNIÚLACHTAÍI gcomhréir le
Creat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tabharfaidh iarrthóirí faoi mheasúnú agus cuirfear agallaimh orthu a bheidh dírithe ar na
Croí‑Inniúlachtaí seo a leanas:
- Ullmhacht don Todhchaí a Chothú
- Soláthar Bunaithe ar Fhianaise
- Treorú agus Cumhachtú
- Cumarsáid a Dhéanamh agus Comhoibriú
*Tá Gnáth‑théacs inrochtana den Chreat Inniúlachta le haghaidh na ngrád éagsúil de chuid na hearnála poiblí le fáil ag:
Creat Inniúlachta 1. Croí‑Inniúlacht: Ullmhacht don Todhchaí a ChothúMar ghairmí réamhghníomhach agus inoiriúnaithe, déanfaidh an sealbhóir poist athruithe a réamh-mheas, glacfaidh siad leis an nuálaíocht, agus cuirfidh siad le hathléimneacht fhadtéarmach na heagraíochta. Bainfidh siad úsáid mhuiníneach as teicneolaíochtaí nua agus rachaidh siad in oiriúint dóibh, lena gcuirfear réitigh dhigiteacha chun cinn lena bhfeabhsófar éifeachtúlacht agus tionchar. Coinneoidh siad feasacht straitéiseach láidir, tuigfidh siad treochtaí atá ag teacht chun cinn agus déanfaidh siad gníomhaíochtaí agus moltaí praiticiúla díobh. Rachaidh an sealbhóir poist in oiriúint go héifeachtach do thosaíochtaí athraitheacha, d’fhorbairtí seachtracha, agus do riachtanais eagraíochtúla, rud a léireoidh solúbthacht agus breithiúnas fónta. Geallfaidh siad freisin go ndéanfaidh siad foghlaim leanúnach, go bhforbróidh siad a n-eolas gairmiúil, agus go lorgóidh siad deiseanna chun foghlaim, scileanna a roinnt, agus cleachtais nua a leabú ar fud foirne.
2. Croí‑Inniúlacht: Soláthar Bunaithe ar FhianaiseLéireoidh an sealbhóir poist go bhfuil sé ar a gcumas cinntí fónta bunaithe ar fhianaise a dhéanamh agus a chinntiú go gcuirfear torthaí intomhaiste ar fáil le tionscadail agus le cláir. Déanfaidh siad faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil a bhailiú, a anailísiú agus a léirmhíniú chun bonn eolais a chur faoi phleanáil, tuairisciú agus moltaí straitéiseacha. Cuirfidh siad smaointeoireacht anailíseach agus breithiúnas gairmiúil i bhfeidhm chun fadhbanna a réiteach agus chun measúnuithe dea-réasúnaithe a dhéanamh. Caithfidh an té a cheapfar a bheith in ann rianú comhsheasmhach a dhéanamh ar dhul chun cinn de réir cuspóirí, torthaí a thomhas, agus cur le próisis feabhsúcháin leanúnaigh. Soláthróidh an sealbhóir poist aschuir ardchaighdeáin in am agus laistigh de pharaiméadair chomhaontaithe, rud a chinnteoidh go mbeidh an obair ar fad ag teacht le tosaíochtaí na heagraíochta agus go rannchuideoidh sí le soláthar seirbhíse éifeachtach.
3. Croí‑Inniúlacht: Treorú agus CumhachtúTaispeántar ceannaireacht ag an leibhéal seo trí úinéireacht, tionscnaíocht agus comhoibriú. Glacfaidh an sealbhóir poist freagracht as cuspóirí comhaontaithe a bhaint amach agus ardchaighdeáin ghairmiúla a choinneáil i bhfeidhm. Tacóidh siad le comhghleacaithe, le comhpháirtithe agus le foirne tionscadail trí threoir, aiseolas cuiditheach agus cúnamh praiticiúil a chur ar fáil nuair is gá. Rannchuideoidh siad le cultúr foirne dearfach, measúil agus ionchuimsitheach, trí ghairmiúlacht a léiriú in idirghníomhaíochtaí laethúla. Caithfidh an té a cheapfar a bheith in ann oibriú go héifeachtach ar fud na bhfeidhmeanna, caidrimh chomhoibríocha a chothú, agus rannchuidiú le spriocanna comhroinnte chun rath comhchoiteann a chinntiú.
4. Croí‑Inniúlacht: Cumarsáid agus ComhoibriúDéanfaidh an sealbhóir poist cumarsáid go soiléir, go muiníneach agus go gairmiúil, agus cuirfidh siad a gcur chuige in oiriúint do raon luchtanna féachana agus comhthéacsanna. Cothóidh siad caidrimh tháirgiúla le comhghleacaithe, le comhpháirtithe seachtracha, agus le príomhpháirtithe leasmhara ar fud na hearnála. Glacfaidh siad páirt ghníomhach i bplé foirne, roinnfidh siad faisnéis, tacóidh siad le réiteach fadhbanna, agus rannchuideoidh siad le cuir chuige chomhcheangailte. Bainfidh an sealbhóir poist úsáid as tuiscint, stuaim agus scileanna idirbheartaíochta chun torthaí dearfacha a bhaint amach, caidrimh oibre láidre a choinneáil, agus tacú le seachadadh éifeachtach ar fud na heagraíochta.
5. Croí‑Inniúlacht: Comhionannas, Éagsúlacht agus IonchuimsitheachtCuirfidh an sealbhóir poist prionsabail an chomhionannais, na héagsúlachta agus na hionchuimsitheachta chun cinn agus i bhfeidhm go gníomhach i ngach gné dá c(h)uid oibre. Déanfaidh siad breithnithe CÉI a chomhtháthú i gcleachtais laethúla agus i gcumarsáid laethúil, úsáidfidh siad teanga ionchuimsitheach mheasúil, agus cuirfidh siad le cultúr san ionad oibre ina mothaíonn na comhghleacaithe agus na páirtithe leasmhara uile go bhfuil meas orthu agus go dtacaítear leo. Glacfaidh siad páirt i bhfoghlaim leanúnach CÉI, tabharfaidh siad dúshlán d’iompraíochtaí nó do chleachtais a bhaineann an bonn den chothroime nó den ionchuimsitheacht, agus déanfaidh siad machnamh ar thionchar na gcinntí ar ghrúpaí difriúla. Trína gcuid iompair, léireoidh siad gairmiúlacht, ionracas agus tiomantas Fhís Éireann earnáil scáileáin ionchuimsitheach chothrom a chruthú.
SONRAÍ AGUS TÉARMAÍ AN RÓIL- Tá an post seo ar leibhéal Innealtóir Ghrád II agus Cuntasóir Gairmiúil Ghrád II (PPC) agus tá an tuarastal ar €75,448 in aghaidh na bliana. Líonfar an ról seo de réir an Bheartais Pá Phoiblí ag an gcéad phointe den Scála Tuarastail seo mura gceapfar an t-iarrthóir a n-éireoidh leo ó ról atá ann cheana féin san earnáil phoiblí. Cur i bhfeidhm Choigeartuithe Pá an 1 Feabhra 2026.
- Is conradh lánaimseartha ar théarma seasta 5 bliana é seo.
- Beidh ar an iarrthóir rathúil Cód Iompair Fhís Éireann a shíniú.
- Beidh tréimhse phromhaidh 6 mhí i gceist leis an ról.
- Tuairisceoidh an sealbhóir poist go díreach don Cheannasaí ar Phríomhscannán.
- Beidh an post lonnaithe i mBaile Átha Cliath nó i nGaillimh.
- Saoire bhliantúil (níl laethanta saoire bainc san áireamh) de 27 lá.
- Dáta Tosaithe chomh luath agus is féidir.
INCHÁILITHEACHT CHUN DUL SAN IOMAÍOCHT AGUS SRIANTA ÁIRITHE AR INCHÁILITHEACHT Riachtanas Saoránachta: Ní mór d’iarrthóirí incháilithe:
- A bheith ina saoránach den Limistéir Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Tá Ballstáit an Aontais Eorpaigh, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua in LEE.
- A bheith ina saoránach den Ríocht Aontaithe (RA).
- A bheith ina saoránach de chuid na hEilvéise de bhun an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis maidir le saorghluaiseacht daoine; nó Saoránach neamh-LEE a bhfuil víosa1 stampa uimhir 4 nó víosa stampa uimhir 5 aige/aici.
Chun cáiliú, ní mór d'iarrthóirí a bheith incháilithe faoin dáta a thairgtear aon phost.
PRÓISEAS IARRATAISCuirtear fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil spéis acu sa ról
CV mionsonraithe ina leagtar béim ar thaithí ábhartha mar aon le
litir chumhdaigh a chur ar aghaidh faoi rún daingean ach cliceáil ar nasc an fholúntais ar ár suíomh gréasáin.
DÁTA DEIRIDH D’IARRATAIS: 5.00 i.n. 17 Feabhra 2026
IARRATAIS: RIACHTANAIS NA LITREACH CUMHDAIGH
Mar chuid de do litir chumhdaigh, ba cheart duit na scileanna agus an taithí atá agat a chomhlíonann riachtanais an phoist a leagan amach. Beidh na hiarratais go huile agus go hiomlán faoi rún. I gcomhréir le Creat Inniúlachtaí na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tabharfaidh iarrthóirí ar an ról seo faoi mheasúnú agus cuirfear agallaimh orthu ina ndíreofar ar
chreat inniúlachta na seirbhíse poiblí do Leibhéal Ardoifigigh Feidhmiúcháin ach gan a bheith teoranta dó sin.
IARRATAIS: CEISTEANNA DON LITIR CHUMHDAIGH
Iarraimid ar gach iarrthóir litir chumhdaigh a áireamh lena n-iarratas. Sa litir chumhdaigh, iarrtar ort na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt:Ceisteanna Scagtha le haghaidh Litir Chumhdaigh- Tabhair breac-chuntas ar an méid a spreagann tú chun iarratas a dhéanamh ar ról an Bhainisteora Tionscadail Scannán ag Fís Éireann agus ar an gcaoi a bhfuil do thaithí ag teacht leis na príomhriachtanais a bhaineann le tacú le tionscadail teilifíse agus tú ag obair go solúbtha ar fud réimsí na Teilifíse, Beochana agus Forbartha.
- Déan achoimre ar do thaithí ar ábhar scannan réamhscriptithe, ábhar Gaeilge, nó ábhar do leanaí, agus déan cur síos ar an gcaoi a n-ullmhaíonn an taithí seo tú do phríomhfhócas an róil seo. Cuir isteach aon taithí ábhartha i bhforbairt Teilifíse,Scannán, Beochana nó trasardáin.
- Déan cur síos ar do chur chuige maidir le measúnú a dhéanamh ar ábhair chruthaitheacha agus meastóireacht a dhéanamh ar thograí tionscadail don scannán. Cuir isteach samplaí a léiríonn do bhreithiúnas eagarthóireachta, do chumas anailíseach, nó do scileanna bainistíochta tionscadail, agus an chaoi a gcuireann tú iad seo i bhfeidhm ar fhormáidí nó seánraí éagsúla.
- Tabhair forléargas ar do thaithí ag comhoibriú le cuideachtaí léiriúcháin, craoltóirí, tallann chruthaitheach, agus páirtithe leasmhara eile. Déan cur síos ar an gcaoi a gcothaíonn tú caidrimh oibre éifeachtacha agus a dtacaíonn tú le rannpháirtíocht ghairmiúil chuiditheach ar fud na dtionscadal.
- Tabhair breac-chuntas ar an gcaoi a gcomhtháthaíonn tú prionsabail an chomhionannais, na héagsúlachta agus na hionchuimsitheachta i do chuid oibre agus ar an gcaoi a gcuirfeá na luachanna sin i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh agat ar thionscadail laistigh d’earnáil scáileáin na hÉireann agus tú ag tacú leis na tionscadail sin.
Ní chuirfear iarrthóirí nach bhfreagraíonn na ceisteanna riachtanacha ina litir chumhdaigh ar an ngearrliosta. GEARRLIOSTÚFéadfaidh Fís Éireann, i gcás inar gá, próiseas gearrliostaithe a chur i bhfeidhm chun an líon iarrthóirí a théann ar aghaidh chuig céim an agallaimh a bhainistiú. Cé gur féidir go gcomhlíonfaidh iarrthóirí na critéir incháilitheachta shonraithe, is féidir nach mbeidh sé praiticiúil gach duine a ghlao ar aghaidh le haghaidh measúnú mar gheall ar an líon iarratas.
Sna himthosca sin, beidh an gearrliostú bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn tú i do litir chumhdaigh agus curriculum vitae, agus ar fhreagraí ar na ceisteanna a leagtar amach sa sainchuntas poist. Cuirfear béim ar leith ar conas a léiríonn iarrthóirí na croí‑inniúlachtaí is gá, mar a leagtar amach i gCreat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, i dteannta aon tréithe inmhianaithe a sainaithníodh don ról.
Ceapadh an próiseas sin le go sainaithneofar na hiarrthóirí sin is mó a thagann le riachtanais an róil, bunaithe ar an bhfianaise a sholáthair siad ina n‑iarratas. Ní thugtar le fios leis sin go bhfuil iarrthóirí eile mí‑oiriúnach nó nach féidir leo tabhairt faoin ról; ina ionad sin, cinntítear leis sin go dtugtar cuireadh chun agallaimh dóibh sin ar cosúil go bhfuil ailíniú a gcuid cáilíochtaí, taithí agus inniúlachta ar an ailíniú is ábhartha.
AN PRÓISEAS ROGHNÚCHÁINIs féidir go n‑áireofar ceann amháin nó níos mó de na céimeanna seo a leanas sa phróiseas roghnúcháin do róil laistigh d’Fhís Éireann:
- Gearrliostú iarrthóirí bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh ina n‑iarratas (CV agus litir chumhdaigh).
- Cleachtadh nó measúnú scríofa, agus is féidir go reáchtálfar sin ar líne nó i láthair go pearsanta.
- Cur i láthair nó cleachtaí eile atá ábhartha maidir leis an ról.
- Agallamh nó agallaimh, a dhéantar ar líne nó i láthair go pearsanta.
- Samplaí oibre nó tástálacha nó measúnuithe eile a mheastar a bheith iomchuí don phost.
I gcás iarrthóirí dár tugadh cuireadh páirt a ghlacadh in aon chéim den phróiseas, soláthrófar sonraí iomlána dóibh roimh ré. Is faoi na hiarrthóirí atá sé a chinntiú go mbeidh a gcuid sonraí teagmhála cruinn agus cothrom le dáta.
Má thugtar cuireadh chun agallaimh nó measúnaithe duit agus mura bhfuil tú in ann freastal air ag an tráth sonraithe, is féidir nach mbeifear in ann athsceidealú, agus is féidir go measfar gur tarraingíodh d’iarratas siar ón gcomórtas.
TREOIR D’IARRTHÓIRÍChun cothroime agus comhsheasmhacht a chinntiú, moltar do na hiarrthóirí uile a gcuid freagraí iarratais agus agallaimh a struchtúrú agus úsáid á baint as an
modh STAR:
- S – Situation (Staid): Leag amach an cúlra nó an comhthéacs.
- T – Task (Tasc): Mínigh an dúshlán nó an fhreagracht a bhí os do chomhair.
- A – Action (Gníomhaíocht): Déan cur síos ar na céimeanna sonracha a thóg tú.
- R – Result (Toradh): Comhroinn an toradh, an fhoghlaim nó an tionchar.
Le linn an phróisis roghnúcháin, déanfar measúnú ar na hiarrthóirí in aghaidh na gCroí-Inniúlachtaí a leagtar amach i g
Creat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí don ghrád ábhartha. Molaimid go mór d’iarrthóirí:
- Tagairt a dhéanamh d’inniúlachtaí an ghráid ábhartha agus samplaí á n‑ullmhú acu.
- Samplaí soiléire, sonracha a roghnú lena léirítear conas atá a dtaithí ag teacht leis na riachtanais inniúlachta.
- Saineolas teicniúil nó gairmiúil agus inniúlachtaí iompraíochta araon a léiriú ina gcuid freagraí.
RÚNDACHTFaoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, déileálfar le hiarratais faoi rún daingean.
COSAINT SONRAÍDéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir lenár bh
Fógra Príobháideachais d’Fhostaithe.
TIOMANTAS DON CHOMHIONANNAS, DON ÉAGSÚLACHT AGUS DON IONCHUIMSITHEACHTIs fostóir comhdheiseanna é Fís Éireann agus tá sé tiomanta ionad oibre cuimsitheach a chothú a chuireann luach ar éagsúlacht na foirne oibre agus a bhaineann tairbhe as an éagsúlacht chéanna. Tá Fís Éireann faoi choimirce na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.
Tá Fís Éireann tiomanta do rath an tionscail amach anseo trí infheistíochtaí straitéiseacha i dtallann agus i scileanna a bhfuil éagsúlacht, cothromas agus ionchuimsiú ag a gcroílár. Tuigimid go bhfuil sé ríthábhachtach cultúr dearfach a chothú, agus luachanna cothroime, inbhuanaitheachta, éagsúlachta, cothromais agus ionchuimsitheachta mar bhonn agus mar thaca aige, chun tallann a mhealladh agus a choinneáil.
Mar eagraíocht ionchuimsitheach, oibrímid go gníomhach i dtreo éagsúlacht agus ionchuimsiú a chur chun cinn ar fud na hearnála scáileáin ar fad. Cinntíonn ár gcur chuige ionchuimsitheach maidir le hacmhainn a thógáil go bhfuil gach tionscnamh deartha le go mbeidh sé inrochtana do chách, rud a léiríonn ár dtiomantas do thionscal éagsúil agus cothrom. Inár ngníomhaíochtaí earcaíochta, tugaimid tús áite d'fhórsa saothair a chruthú a léiríonn éagsúlacht agus comhionannas, ag leagan síos tagarmharc nua le haghaidh barr feabhais agus uilechuimsitheachta. Cuireann Fís Éireann fáilte roimh chách a bheith linn ar an aistear seo i dtreo tionscal scáileáin a mhúnlú ina ndéantar ceiliúradh ar thallann chomhchoiteann agus an neart atá le fáil san ilchineálacht.
INROCHTAINEACHT AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTATá Fís Éireann tiomanta do phróiseas earcaíochta ionchuimsitheach agus inrochtana a chinntiú. Má éilíonn tú socruithe réasúnta ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin, cuir ar an eolas muid ach ríomhphost a chur chuig recruitment@screenireland.ie. Déanfaimid gach iarracht chun na socruithe is gá a sholáthar chun tacú le do rannpháirtíocht.
Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi inrochtaineacht nó faoin bpróiseas socruithe, déan teagmháil lenár bhFoireann Acmhainní Daonna mar a leagtar amach san fhógra poist ábhartha ar ár
Leathanach folúntas. ÁR dTIOMANTAS DON INBHUANAITHEACHTTá Fís Éireann tiomanta d’inbhuanaitheacht a leabú ar fud ár n‑eagraíochta agus na hearnála scáileáin trí chéile. Trínár bPlean Inbhuanaitheachta
Cineálta, troidimid ar son cleachtais atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de inár gcuid oibríochtaí laethúla, tacaímid le táirgeadh inbhuanaithe trí thionscnaimh mhaoiniúcháin agus tionscail agus molaimid dár bhfoireann agus dár gcomhpháirtithe an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú. Feictear dúinn go bhfuil inbhuanaitheacht lárnach chun tionscal scáileáin atá athléimneach, nuálach agus freagrach a chothú, tionscal a bheidh faoi bhláth do na glúnta atá le teacht.
CEISTEANNAMá bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an gcomórtas seo nó leis an bpróiseas earcaíochta, déan teagmháil leis an bhFoireann AD ag recruitment@screenireland.ie. Táimid sásta tuilleadh faisnéise a sholáthar ar an ról, ar an bpróiseas iarratais, nó ar inrochtaineacht agus socruithe réasúnta.
CEARTA IARRTHÓIRÍ: NÓSANNA IMEACHTA ATHBHREITHNITHETá Fís Éireann tiomanta do chothroime agus trédhearcacht ina próisis earcaíochta agus roghnúcháin. Cé nach bhfuil Fís Éireann faoi cheangal foirmiúil ag Cód Cleachtais an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, is amhlaidh a leanaimid a phrionsabail agus a threoir maidir le hiarrataí athbhreithnithe a bhainistiú.
I gcás iarrthóirí ar mian leo athbhreithniú a iarraidh ar aon ghné den phróiseas roghnúcháin, féadfaidh siad déanamh amhlaidh, agus measfar go bhfuil na hiarrataí sin i gcomhréir le spiorad Chód Cleachtais an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Is féidir breathnú ar an gCód ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí:
www.cpsa.ie.
SOCHAIR AG FÍS ÉIREANN- Pá Saoire Máithreachais/Saoire Uchtála.
- Pá Saoire Atharthachta.
- Saoire Tuismitheora
- Saoire Bhreoiteachta Íoctha
- Saoire Mhéala agus Atruach
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Obair Chumaisc (faoi réir róil)
| - Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Cúnamh Oideachasúil
- Pinsean Ranníocach
- Clár Cúnaimh d'Fhostaithe
- Saoire Phósta
- TaxSaver
- Scéim na Rothar chun Oibre
|