Maidir le Fís Éireann
Táimid ag lorg Tallann nua i bhFís Éireann chun cur lenár bhfoireann a bhíonn ag fás i gcónaí. Beidh tú mar dhuine de phobal cumasach éagsúil fostaithe a bhfuil sé mar mhisean agus mar phaisean acu forbairt ar Thionscail Scannánaíocht, Dhrámaíocht Teilifíse, Bheochan, Chlár Faisnéise, Mhaisíochtaí Físe agus Chluichíocht Dhigiteach na hÉireann a chur chun cinn agus tacú leis sin.
Mar ghníomhaireacht náisiúnta do thionscal scannánaíochta, drámaíochta teilifíse, beochana agus cláir faisnéise na hÉireann, is é Fís Éireann comhpháirtí cruthaitheach na hearnála, a infheistíonn i dtallann, ildánacht agus fiontar. Faighimid spreagadh ó bhunscéalaíocht a chorróidh an lucht féachana go mothúchánach sa bhaile agus i bhfad i gcéin. Trí réimse leathan tacaíochtaí maoinithe praiticiúla um fhorbairt, léiriú, dáileachán, cur chun cinn agus forbairt scileanna, tugann Fís Éireann tacaíocht don earnáil ag gach céim. Tugaimid tacaíocht do dhéantóirí scannán agus iad i mbun scéalta ealaíonta, cultúrtha agus tráchtála a roinnt go cruthaitheach ar an scáileán.
Ár gCultúr agus ár nGealltanais
Ag Fís Éireann, táimid bródúil cultúr a chothú san ionad oibre, cultúr atá bunaithe ar chruthaitheacht, ionchuimsitheacht agus meas. Trínár gcreat Cineálta, cuirimid an tábhacht chéanna ar fholláine, ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, ar an inbhuanaitheacht, agus ar an gcothromas, ar an éagsúlacht agus ar an ionchuimsitheacht (CÉI). Tacaímid go gníomhach lenár gcuid fostaithe ionas go mbeidh siad faoi bhláth go pearsanta agus go gairmiúil, agus deiseanna á dtairiscint againn chun a gcuid scileanna a fhás, rannchuidiú le tionscadail fhiúntacha agus a bheith mar chuid de phobal comhoibríoch. Táimid tiomanta do lucht saothair a chruthú lena léirítear éagsúlacht an lucht féachana ar a bhfreastalaímid agus na scéalta a dtacaímid leo ar an scáileán. Cuirimid fearadh na fáilte roimh iarratais ó dhaoine a mbaineann gach cúlra, eispéireas agus peirspictíocht leo agus a chomhlíonann riachtanais an róil, agus déanaimid an t‑ionchur uathúil a thugann gach duine dár n‑eagraíocht a cheiliúradh.
FORLÉARGAS AR AN RÓLBeidh saineolas fairsing airgeadais ag an iarrthóir atá á lorg againn, agus beidh taithí aige/aici ar bheith i bpoist bhainistíochta ag meánleibhéal agus leibhéal sinsearach laistigh d’eagraíocht ina ngluaiseann rudaí ar aghaidh go tapa agus atá rafar, san earnáil phoiblí. Is ról dinimiciúil agus dúshlánach é an ról seo, ina mbeidh ar an iarrthóir castachtaí gnó agus oibríochtaí Fhís Éireann a thuiscint go pras. Beidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/ léi freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar oibríochtaí cuntasaíochta na gníomhaireachta, tuairisciú cruinn airgeadais a chinntiú, rialuithe airgeadais inmheánacha láidre a chur i bhfeidhm, agus caighdeáin dea-chleachtais agus rialála a chomhlíonadh. Bainisteoidh an té a gheobhaidh an post gníomhaíochtaí laethúla airgeadais, ullmhóidh sé nó sí réamhaisnéisí agus buiséid, agus déanfaidh sé nó sí anailís ar fheidhmíocht chun a chinntiú go mbeimid laistigh de theorainneacha maoinithe agus den treoir maidir le caiteachas poiblí. Déanfaidh sé/sí bainistíocht ar fhoireann bheag airgeadais.
Oibreoidh sé nó sí i ndlúthchomhar leis an Stiúrthóir Gnó agus Airgeadais agus leis an gCeannasaí Airgeadais, Rialachais, Riosca agus Comhlíontachta, stiúrfaidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi tionscnaimh bhunathraitheacha laistigh den fheidhm Airgeadais de réir phleananna forbartha na Ceannaireachta Feidhmiúcháin i leith na feidhme airgeadais.
FORBHREATHNÚ AR AN bhFEIDHMTá an fhoireann airgeadais freagrach as bainistíocht airgeadais agus bhuiséadach chistí na gníomhaireachta lena n-áirítear maoiniú deontais, luach ar airgead, comhlíonadh le nósanna imeachta airgeadais, rialachas corparáideach láidir agus cosaint sócmhainní na gníomhaireachta chun tacú le spriocanna Fís Éireann. Tá ioncam iomlán na gníomhaireachta thart ar €43 milliún faoi láthair, lena bhforáiltear do ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus atá maoinithe trí dheontais Rialtais ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus ioncam eile a shaothraítear go hinmheánach.
GRÁD AN PHOIST Beifear ag súil go mbeidh na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha ann, agus dá réir sin beidh an post ar leibhéal an Chéad Phointe d’Innealtóir Ghrád II & Cuntasóir Gairmiúil Ghrád II.
LÍNE NÓ LÍNTE TUAIRISCITHETuairiscítear sa ról seo go díreach don Cheannasaí Airgeadais, Rialachais, Riosca agus Comhlíontacha agus oibrítear le comhghleacaithe san fheidhm airgeadais agus le páirtithe leasmhara inmheánacha chun comhordú, cumarsáid agus soláthar éifeachtach tosaíochtaí feidhmiúcháin a chinntiú. Féadfar athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar shocruithe tuairiscithe chun riachtanais eagraíochtúla a léiriú.
PRÍOMHFHREAGRACHTAÍ- Bainistíocht agus maoirseacht a dhéanamh ar an bhfeidhm airgeadais laistigh de Fís Éireann, agus príomhréimsí á gclúdach lena n-áirítear Cuntais iníoctha, Cuntais Infhaighte, Mórleabhar Ginearálta, Párolla, Réitigh Bhainc agus Réitigh Chlár Comhardaithe.
- Plean airgeadais na Gníomhaireachta a chur i bhfeidhm d’fhonn spriocanna straitéiseacha na gníomhaireachta a bhaint amach.
- Tacaíocht a thabhairt d’Fhís Éireann feidhmeanna reachtúla agus corparáideacha a chomhlíonadh de réir phrionsabail dhea-bhainistíochta airgeadais.
- Beartais chuntasaíochta, córais, nósanna imeachta, agus straitéisí airgeadais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun tuairisciú airgeadais cruinn agus tráthúil agus comhlíonadh cánach na gníomhaireachta a chinntiú.
- Maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar mhonatóireacht na gcóras rialaithe chun sócmhainní agus acmhainní Fís Éireann a choimirciú agus lena chinntiú go gcloífear le caighdeáin aitheanta chuntasaíochta agus le nósanna imeachta airgeadais an rialtais.
- Ag tacú le hullmhúchán na meastachán bliantúil agus na mbuiséad caipitil agus reatha ina dhiaidh sin bunaithe ar mhaoiniú faofa.
- Ag déanamh anailíse ar chaiteachas agus ag sainaithint deiseanna i leith coigilteas costais agus luach feabhsaithe ar airgead.
- Ag cinntiú go gcuirfear tuarascálacha míosúla bainistíochta i gcrích go pras agus go cruinn, chomh maith le tacaíocht straitéiseach a sholáthar don Cheannasaí Airgeadais, Rialachais, Riosca agus Comhlíontachta agus don Stiúrthóir Gnó agus Airgeadais.
- Tuarascálacha cuimsitheacha um bainistíocht airgeadais a fhorbairt agus a sholáthar, anailís chríochnúil airgeadais a dhéanamh, réamhaisnéisí agus príomhtháscairí feidhmíochta a rianú.
- Idirchaidreamh a dhéanamh leis an máthair-roinn, agus freagra á thabhairt ar cheisteanna agus iarratais ar bhealach tráthúil.
- A chinntiú go gcuirfear iarratais ar tharraingt anuas na roinne isteach ar bhealach tráthúil.
- Na dréacht-ráitis bhliantúla airgeadais a ullmhú lena gceadú ag an mbainistíocht shinsearach.
- Idirchaidreamh a dhéanamh le hiniúchóirí reachtúla seachtracha agus inmheánacha chun a chinntiú go gcuirfear iniúchtaí i gcrích go tráthúil.
- Bainistíocht agus maoirseacht a dhéanamh ar bhunachar sonraí an chomhlachta chun a chinntiú go bhfuil sé cothrom le dáta le haghaidh gach bronnadh airgeadais tionscadail agus aisíoc iasachta.
- Ag moladh agus ag cur i bhfeidhm réitigh TFC chun éifeachtúlacht na heagraíochta a fheabhsú lena n-áirítear cumais anailísíochta um shonraí airgeadais agus méadracht feidhmíochta a fhorbairt.
- Ag cothú fhorbairt ghairmiúil na mball foirne trí aiseolas, oiliúint, agus deiseanna forbartha a sholáthar, agus trí shaincheisteanna feidhmíochta a bhainistiú san am céanna.
- Ag comhoibriú go dlúth le gach foireann, ag cur treoir airgeadais agus tacaíocht ar fáil.
- Ag déanamh aon dualgais bhreise a thugann an bhainistíocht shinsearach agus an feidhmeannach.
Oibreoidh an té a cheapfar go solúbtha ar fud na foirne, agus tacaíocht á tabhairt do chomhghleacaithe le gníomhaíochtaí atá ailínithe leis an ngrád. Leis an gcur chuige comhoibríoch sin, cinntítear deiseanna d’fhoghlaim chomhroinnte, forbairt ról agus freagrúlacht do thosaíochtaí foirne.
Níl sé beartaithe go gcuimseoidh an sainchuntas poist liosta cuimsitheach de ghníomhaíochtaí, dualgais nó freagrachtaí. D’fhéadfadh sé go sannfaí dualgais bhreise bunaithe ar riachtanais oibríochtúla gnó.
PRÍOMHRIACHTANAIS BHUNRIACHTANACHA- Cáilíocht ar Leibhéal 8 ar a laghad de mhórdhámhachtan Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC), nó a macasamhail, a bheith aige/aici.
- A bheith ina c(h)untasóir cáilithe agus ballraíocht aige/aici i gcomhlacht gairmiúil cuntasaíochta amhail ACCA, CIMA srl.
- Taithí 5+ bliana PQE le cumas láidir teicniúil agus aird ar mhionsonraí.
- Taithí chuí 3 bliana ar a laghad a bheith aige/aici ar ról den chineál céanna in eagraíocht chomhchosúil ar oibríochtaí casta airgeadais a fhormhaoirsiú agus ar fheabhsuithe agus claochluithe dearfacha ó thaobh an airgeadais agus ó thaobh na cuntasaíochta de a threorú, laistigh den earnáil phoiblí nó i gcreataí eagraíochtúla den chineál céanna más féidir.
- Cúlra láidir a bheith aige/aici i mbainistíocht buiséid agus i dtuairisciú airgeadais laistigh de shuíomh comhchosúil eagraíochtúla.
- Taithí ar fhoirne a bhainistiú laistigh d’eagraíocht atá ag forbairt.
- Saineolas agus cumas follasach maidir le caidrimh éifeachtacha oibre a chruthú, mar aon leis an gcumas caidrimh láidre a spreagadh agus a chothú le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha araon.
- In ann taithí ar bhainistíocht tionscadail a léiriú.
TRÉITHE INMHIANAITHE - Cáilíocht ábhartha bhreise i réimse a cheaptar a bheith ábhartha don ról (m.sh. rialachas corparáideach, bainistíocht riosca, dlí, cáin, TFC)
- Saineolas soléirithe maidir le tionscnaimh straitéiseacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
- Taithí léirithe ar athruithe uathoibrithe TF a chur i bhfeidhm i bhfeidhm airgeadais.
- Tá cumas sa Ghaeilge inmhianaithe.
PRÍOMHSCILEANNA NÓ PRÍOMHINNIÚLACHTAÍ- Duine réamhghníomhach atá in ann oibriú go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann, a bhfuil cumas láidir iltascála aige/aici, agus atá dírithe ar thorthaí a bhaint amach.
- Scileanna éifeachtacha pleanála agus eagrúcháin, mar aon leis an gcumas tascanna a dhéanamh go héifeachtúil ar bhonn tosaíochta i dtimpeallacht dhinimiciúil agus ardbhrú.
- Cumas ceannaireachta léirithe a bheith aige/aici, lena n-áirítear an cumas foireann a bhainistiú, a threorú, a spreagadh, a chur faoi oiliúint, agus a fhorbairt chun torthaí ar ardchaighdeán a sholáthar laistigh de spriocanna dochta.
- Scileanna labhartha agus scríofa den chéad scoth, a chuimsíonn an cumas idirbheartaíocht a dhéanamh, tuarascálacha a scríobh, agus cuir i láthair a thabhairt.
- Breithiúnas stuama ann/inti, inniúil ar fhadhbanna a réiteach, saineolas anailíseach aige/aici, agus scileanna deimhneacha cinnteoireachta aige/aici.
- Féinfheasacht ann/inti maidir le riachtanais foghlama agus é/í sa tóir ar dheiseanna oiliúna go réamhghníomhach.
- Saineolach maidir le tionscnaimh bhainistíochta airgeadais a threorú, a fhorbairt, agus a chur i gcrích.
- Inniúil ar shonraí a anailísiú, ar mhodhanna um sholáthar seirbhíse atá éifeachtúil ó thaobh costas de a chruthú, agus ar úsáid a bhaint as córais bhainistíochta airgeadais atá éifeachtúil agus éifeachtach.
- Cumas coinbhleachtaí a bhainistiú go héifeachtach agus cumas éifeachtach ceannaireachta, in ann piaraí a mhealladh i dtimpeallacht ina ngluaiseann rudaí ar aghaidh go tapa.
- In ann oibriú faoi bhrú agus taobhsmaointeoireacht a dhéanamh d’fhonn dul i ngleic le dúshláin éagsúla airgeadais.
- Ardchaighdeáin phearsanta ionracais.
- Cumas i bpacáistí éagsúla bogearraí airgeadais a úsáid agus ardleibhéal inniúlachta TFC aige/aici, mar aon le cumas cur le tionchar na teicneolaíochta d’fhonn próisis san ionad oibre a chuíchóiriú.
I gcomhréir le
Creat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tabharfaidh iarrthóirí faoi mheasúnú agus cuirfear agallaimh orthu a bheidh dírithe ar na
Croí‑Inniúlachtaí seo a leanas:
- Ullmhacht don Todhchaí a Chothú
- Soláthar Bunaithe ar Fhianaise
- Treorú agus Cumhachtú
- Cumarsáid a Dhéanamh agus Comhoibriú
*Tá Gnáth‑théacs inrochtana den Chreat Inniúlachta le haghaidh na ngrád éagsúil de chuid na hearnála poiblí le fáil ag:
Creat Inniúlachta1. Croí‑Inniúlacht: Ullmhacht don Todhchaí a ChothúMar ghairmí réamhghníomhach agus inoiriúnaithe, déanfaidh an sealbhóir poist athruithe a réamh-mheas, glacfaidh siad leis an nuálaíocht, agus cuirfidh siad le hathléimneacht fhadtéarmach na heagraíochta. Bainfidh siad úsáid mhuiníneach as teicneolaíochtaí nua agus rachaidh siad in oiriúint dóibh, lena gcuirfear réitigh dhigiteacha chun cinn lena bhfeabhsófar éifeachtúlacht agus tionchar. Coinneoidh siad feasacht straitéiseach láidir, tuigfidh siad treochtaí atá ag teacht chun cinn agus déanfaidh siad gníomhaíochtaí agus moltaí praiticiúla díobh. Rachaidh an sealbhóir poist in oiriúint go héifeachtach do thosaíochtaí athraitheacha, d’fhorbairtí seachtracha, agus do riachtanais eagraíochtúla, rud a léireoidh solúbthacht agus breithiúnas fónta. Geallfaidh siad freisin go ndéanfaidh siad foghlaim leanúnach, go bhforbróidh siad a n-eolas gairmiúil, agus go lorgóidh siad deiseanna chun foghlaim, scileanna a roinnt, agus cleachtais nua a leabú ar fud foirne.
2. Croí‑Inniúlacht: Soláthar Bunaithe ar FhianaiseLéireoidh an sealbhóir poist go bhfuil sé ar a gcumas cinntí fónta bunaithe ar fhianaise a dhéanamh agus a chinntiú go gcuirfear torthaí intomhaiste ar fáil le tionscadail agus le cláir. Déanfaidh siad faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil a bhailiú, a anailísiú agus a léirmhíniú chun bonn eolais a chur faoi phleanáil, tuairisciú agus moltaí straitéiseacha. Cuirfidh siad smaointeoireacht anailíseach agus breithiúnas gairmiúil i bhfeidhm chun fadhbanna a réiteach agus chun measúnuithe dea-réasúnaithe a dhéanamh. Caithfidh an té a cheapfar a bheith in ann rianú comhsheasmhach a dhéanamh ar dhul chun cinn de réir cuspóirí, torthaí a thomhas, agus cur le próisis feabhsúcháin leanúnaigh. Soláthróidh an sealbhóir poist aschuir ardchaighdeáin in am agus laistigh de pharaiméadair chomhaontaithe, rud a chinnteoidh go mbeidh an obair ar fad ag teacht le tosaíochtaí na heagraíochta agus go rannchuideoidh sí le soláthar seirbhíse éifeachtach.
3. Croí‑Inniúlacht: Treorú agus CumhachtúTaispeántar ceannaireacht ag an leibhéal seo trí úinéireacht, tionscnaíocht agus comhoibriú. Glacfaidh an sealbhóir poist freagracht as cuspóirí comhaontaithe a bhaint amach agus ardchaighdeáin ghairmiúla a choinneáil i bhfeidhm. Tacóidh siad le comhghleacaithe, le comhpháirtithe agus le foirne tionscadail trí threoir, aiseolas cuiditheach agus cúnamh praiticiúil a chur ar fáil nuair is gá. Rannchuideoidh siad le cultúr foirne dearfach, measúil agus cuimsitheach, trí ghairmiúlacht a léiriú in idirghníomhaíochtaí laethúla. Caithfidh an té a cheapfar a bheith in ann oibriú go héifeachtach ar fud na bhfeidhmeanna, caidrimh chomhoibríocha a chothú, agus rannchuidiú le spriocanna comhroinnte chun rath comhchoiteann a chinntiú.
4.Croí‑Inniúlacht: Cumarsáid agus ComhoibriúDéanfaidh an sealbhóir poist cumarsáid go soiléir, go muiníneach agus go gairmiúil, agus cuirfidh siad a gcur chuige in oiriúint do raon luchtanna féachana agus comhthéacsanna. Cothóidh siad caidrimh tháirgiúla le comhghleacaithe, le comhpháirtithe seachtracha, agus le príomhpháirtithe leasmhara ar fud na hearnála. Glacfaidh siad páirt ghníomhach i bplé foirne, roinnfidh siad faisnéis, tacóidh siad le réiteach fadhbanna, agus rannchuideoidh siad le cuir chuige chomhcheangailte. Bainfidh an sealbhóir poist úsáid as tuiscint, stuaim agus scileanna idirbheartaíochta chun torthaí dearfacha a bhaint amach, caidrimh oibre láidre a choinneáil, agus tacú le seachadadh éifeachtach ar fud na heagraíochta.
5. Croí‑Inniúlacht: Comhionannas, Éagsúlacht agus IonchuimsitheachtCuirfidh an sealbhóir poist prionsabail an chomhionannais, na héagsúlachta agus na hionchuimsitheachta chun cinn agus i bhfeidhm go gníomhach i ngach gné dá c(h)uid oibre. Déanfaidh siad breithnithe CÉI a chomhtháthú i gcleachtais laethúla agus i gcumarsáid laethúil, úsáidfidh siad teanga ionchuimsitheach mheasúil, agus cuirfidh siad le cultúr san ionad oibre ina mothaíonn na comhghleacaithe agus na páirtithe leasmhara uile go bhfuil meas orthu agus go dtacaítear leo. Glacfaidh siad páirt i bhfoghlaim leanúnach CÉI, tabharfaidh siad dúshlán d’iompraíochtaí nó do chleachtais a bhaineann an bonn den chothroime nó den ionchuimsitheacht, agus déanfaidh siad machnamh ar thionchar cinntí ar ghrúpaí difriúla. Trína gcuid iompair, léireoidh siad gairmiúlacht, ionracas agus tiomantas Fhís Éireann earnáil scáileáin ionchuimsitheach chothrom a chruthú.
SONRAÍ AGUS TÉARMAÍ AN RÓIL- Tá an post seo ar leibhéal Cuntasóir Gairmiúil Grád II agus is é €75,448 an luach saothair in aghaidh na bliana. Líonfar an ról seo de réir an Bheartais Pá Phoiblí ag an gcéad phointe den Scála Tuarastail seo mura gceapfar an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi ó ról atá ann cheana féin san earnáil phoiblí. Coigeartuithe Pá an 1 Feabhra 2026 a chur i bhfeidhm.
- Is post buan lánaimseartha é seo.
- Beidh ar an iarrthóir rathúil Cód Iompair Fhís Éireann a shíniú.
- Beidh tréimhse phromhaidh 6 mhí i gceist leis an ról.
- Beidh an duine seo freagrach go díreach don Cheannasaí Airgeadais, Rialachais, Riosca, agus Comhlíontachta.
- Beidh an post lonnaithe i nGaillimh.
- Saoire bhliantúil (níl laethanta saoire bainc san áireamh) 27 lá.
- Dáta Tosaithe chomh luath agus is féidir.
INCHÁILITHEACHT CHUN DUL SAN IOMAÍOCHT AGUS SRIANTA ÁIRITHE AR INCHÁILITHEACHT Riachtanais Saoránachta. Ní mór d'Iarrthóirí Incháilithe:
- A bheith ina saoránach den Limistéir Eorpach Eacnamaíoch. Tá an LEE comhdhéanta de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua;
- A bheith ina saoránach den Ríocht Aontaithe (RA);
- A bheith ina saoránach de chuid na hEilvéise de bhun an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis maidir le saorghluaiseacht daoine; nó Saoránach neamh-LEE a bhfuil víosa1 stampa uimhir 4 nó víosa stampa uimhir 5 aige/aici.
Chun cáiliú, ní mór d'iarrthóirí a bheith incháilithe faoin dáta a thairgtear aon phost.
PRÓISEAS IARRATAISCuirtear fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil spéis acu sa ról
CV mionsonraithe ina leagtar béim ar thaithí ábhartha mar aon le
litir chumhdaigh a chur ar aghaidh faoi rún daingean ach cliceáil ar nasc an fholúntais ar ár suíomh gréasáin.
DÁTA DEIRIDH D’IARRATAIS: 5.00pm, 9 Aibreán 2026
IARRATAIS: RIACHTANAIS NA LITREACH CUMHDAIGHMar chuid de do litir chumhdaigh, ba cheart duit na scileanna agus an taithí atá agat a chomhlíonann riachtanais an phoist a leagan amach. Beidh na hiarratais go huile agus go hiomlán faoi rún. I gcomhréir le creat inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tabharfaidh iarrthóirí ar an ról seo faoi mheasúnú agus cuirfear faoi agallamh iad ina ndíreofar ar
Chreat Inniúlachta na Seirbhíse Poiblí do leibhéal Ardoifigigh Feidhmiúcháin ach gan bheith teoranta dó sin.
IARRATAIS: CEISTEANNA FAOIN LITIR CHUMHDAIGHIarraimid ar gach iarrthóir litir chumhdaigh a chur isteach mar chuid dá iarratas nó dá hiarratas. Sa litir chumhdaigh, iarrtar ort na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt:Ceisteanna Scagtha le haghaidh Litir Chumhdaigh- Tabhair breac-chuntas ar an méid a spreagann tú chun iarratas a dhéanamh ar an ról seo laistigh de Fís Éireann agus ar an gcaoi a bhfuil do thaithí ag teacht leis na príomhthosaíochtaí, go háirithe i dtuairisciú, rialú, agus rialachas airgeadais laistigh d’earnáil phoiblí nó timpeallacht rialaithe chomhchosúil.
- Déan achoimre ar do thaithí ar bhainistíocht agus maoirseacht a dhéanamh ar phríomhoibríochtaí cuntasaíochta (e.g. mórleabhar ginearálta, cuntais iníoctha/ infhaighte, párolla, réitigh), agus do ról á léiriú maidir le cruinneas, tráthúlacht agus comhlíontacht a chinntiú lena n-áirítear tagairt don phacáiste/ do na pacáistí cuntasaíochta bogearraí a d’úsáid tú.
- Déan cur síos ar do thaithí ar thuarascálacha airgeadais, buiséid, réamhaisnéisí, cuntais bhainistíochta agus ráitis airgeadais bhliantúla a ullmhú, agus an chaoi ar úsáid tú anailís airgeadais chun tacú le cinnteoireacht eagraíochtúla agus chun cloí le maoiniú nó srianta caiteachais a chinntiú.
- Tabhair breac-chuntas ar do thaithí ar fhorbairt, cur i bhfeidhm, nó feabhsú rialuithe, beartas, agus nósanna imeachta airgeadais, lena n-áirítear aon obair le próisis iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus comhlíontacht le ceanglais reachtúla agus rialála.
- Tabhair samplaí de do thaithí ar phlé le príomhpháirtithe leasmhara (e.g. bainistíocht shinsearach, ranna rialtais, iniúchóirí nó comhlachtaí maoinithe), lena n-áirítear an chaoi a ndéanann tú plé ar fhaisnéis chasta airgeadais ar bhealach soiléir agus éifeachtach.
- Tabhair breac-chuntas ar aon taithí atá agat ar fheabhsuithe próisis, feabhsuithe córais, nó tionscnaimh claochlaithe airgeadais a chur chun cinn, lena n-áirítear úsáid as córais airgeadais, anailísíocht sonraí, nó uirlisí tuairiscithe.
Ní chuirfear iarrthóirí nach bhfreagraíonn na ceisteanna riachtanacha ina litir chumhdaigh ar an ngearrliosta. GEARRLIOSTÚFéadfaidh Fís Éireann, i gcás inar gá, próiseas gearrliostaithe a chur i bhfeidhm chun an líon iarrthóirí a théann ar aghaidh chuig céim an agallaimh a bhainistiú. Cé gur féidir go gcomhlíonfaidh iarrthóirí na critéir incháilitheachta shonraithe, is féidir nach mbeidh sé praiticiúil gach duine a ghlao ar aghaidh le haghaidh measúnú mar gheall ar an líon iarratas.
Sna himthosca sin, beidh an gearrliostú bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn tú i do litir chumhdaigh agus curriculum vitae, agus ar fhreagraí ar na ceisteanna a leagtar amach sa sainchuntas poist. Cuirfear béim ar leith ar conas a léiríonn iarrthóirí na croí‑inniúlachtaí is gá, mar a leagtar amach i gCreat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, i dteannta aon tréithe inmhianaithe a sainaithníodh don ról.
Ceapadh an próiseas sin le go sainaithneofar na hiarrthóirí sin is mó a thagann le riachtanais an róil, bunaithe ar an bhfianaise a sholáthair siad ina n‑iarratas. Ní thugtar le fios leis sin go bhfuil iarrthóirí eile mí‑oiriúnach nó nach féidir leo tabhairt faoin ról; ina ionad sin, cinntítear leis sin go dtugtar cuireadh chun agallaimh dóibh sin ar cosúil go bhfuil ailíniú a gcuid cáilíochtaí, taithí agus inniúlachta ar an ailíniú is ábhartha.
AN PRÓISEAS ROGHNÚCHÁINIs féidir go n‑áireofar ceann amháin nó níos mó de na céimeanna seo a leanas sa phróiseas roghnúcháin do róil laistigh d’Fhís Éireann:
- Gearrliostú iarrthóirí bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh ina n‑iarratas (CV agus litir chumhdaigh).
- Cleachtadh nó measúnú scríofa, agus is féidir go reáchtálfar sin ar líne nó i láthair go pearsanta.
- Cur i láthair nó cleachtaí eile atá ábhartha maidir leis an ról.
- Agallamh nó agallaimh, a dhéantar ar líne nó i láthair go pearsanta.
- Samplaí oibre nó tástálacha nó measúnuithe eile a mheastar a bheith iomchuí don phost.
I gcás iarrthóirí dár tugadh cuireadh páirt a ghlacadh in aon chéim den phróiseas, soláthrófar sonraí iomlána dóibh roimh ré. Is faoi na hiarrthóirí atá sé a chinntiú go mbeidh a gcuid sonraí teagmhála cruinn agus cothrom le dáta.
Má thugtar cuireadh chun agallaimh nó measúnaithe duit agus mura bhfuil tú in ann freastal air ag an tráth sonraithe, is féidir nach mbeifear in ann athsceidealú, agus is féidir go measfar gur tarraingíodh d’iarratas siar ón gcomórtas.
TREOIR D’IARRTHÓIRÍChun cothroime agus comhsheasmhacht a chinntiú, moltar do na hiarrthóirí uile a gcuid freagraí iarratais agus agallaimh a struchtúrú agus úsáid á baint as an
modh STAR:
- S – Situation (Staid): Leag amach an cúlra nó an comhthéacs.
- T – Task (Tasc): Mínigh an dúshlán nó an fhreagracht a bhí os do chomhair.
- A – Action (Gníomhaíocht): Déan cur síos ar na céimeanna sonracha a thóg tú.
- R – Result (Toradh): Comhroinn an toradh, an fhoghlaim nó an tionchar.
Le linn an phróisis roghnúcháin, déanfar measúnú ar na hiarrthóirí in aghaidh na gCroí-Inniúlachtaí a leagtar amach i g
Creat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí don ghrád ábhartha. Molaimid go mór d’iarrthóirí:
- Tagairt a dhéanamh d’inniúlachtaí an ghráid ábhartha agus samplaí á n‑ullmhú acu.
- Samplaí soiléire, sonracha a roghnú lena léirítear conas atá a dtaithí ag teacht leis na riachtanais inniúlachta.
- Saineolas teicniúil nó gairmiúil agus inniúlachtaí iompraíochta araon a léiriú ina gcuid freagraí.
RÚNDACHTFaoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, déileálfar le hiarratais faoi rún daingean.
COSAINT SONRAÍDéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir lenár bh
Fógra Príobháideachais d’Fhostaithe.
TIOMANTAS DON CHOMHIONANNAS, DON ÉAGSÚLACHT AGUS DON IONCHUIMSITHEACHTIs fostóir comhdheiseanna é Fís Éireann agus tá sé tiomanta ionad oibre cuimsitheach a chothú a chuireann luach ar éagsúlacht na foirne oibre agus a bhaineann tairbhe as an éagsúlacht chéanna. Tá Fís Éireann faoi choimirce na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.
Tá Fís Éireann tiomanta do rath an tionscail amach anseo trí infheistíochtaí straitéiseacha i dtallann agus scileanna a bhfuil éagsúlacht, cothromas agus ionchuimsiú ina gcroílár. Tuigimid go bhfuil sé ríthábhachtach cultúr dearfach a chothú, agus luachanna cothroime, inbhuanaitheachta, éagsúlachta, cothromais agus ionchuimsitheachta mar bhonn agus mar thaca aige, chun tallann a mhealladh agus a choinneáil.
Mar eagraíocht ionchuimsitheach, oibrímid go gníomhach i dtreo éagsúlacht agus ionchuimsiú a chur chun cinn ar fud na hearnála scáileáin ar fad. Cinntíonn ár gcur chuige ionchuimsitheach maidir le hacmhainn a thógáil go bhfuil gach tionscnamh deartha le go mbeidh sé inrochtana do chách, rud a léiríonn ár dtiomantas do thionscal éagsúil agus cothrom. Inár ngníomhaíochtaí earcaíochta, tugaimid tús áite d'fhórsa saothair a chruthú a léiríonn éagsúlacht agus comhionannas, ag leagan síos tagarmharc nua le haghaidh barr feabhais agus uilechuimsitheachta. Cuireann Fís Éireann fáilte roimh chách a bheith linn ar an aistear seo i dtreo tionscal scáileáin a mhúnlú a cheiliúrann tallann chomhchoiteann agus an neart atá le fáil san éagsúlacht.
INROCHTAINEACHT AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTATá Fís Éireann tiomanta do phróiseas earcaíochta ionchuimsitheach agus inrochtana a chinntiú. Má éilíonn tú socruithe réasúnta ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin, cuir ar an eolas muid ach ríomhphost a chur chuig recruitment@screenireland.ie. Déanfaimid gach iarracht chun na socruithe is gá a sholáthar chun tacú le do rannpháirtíocht.
Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi inrochtaineacht nó faoin bpróiseas socruithe, déan teagmháil lenár bhFoireann Acmhainní Daonna mar a leagtar amach san fhógra poist ábhartha ar ár
Leathanach folúntas. ÁR dTIOMANTAS DON INBHUANAITHEACHTTá Fís Éireann tiomanta d’inbhuanaitheacht a leabú ar fud ár n‑eagraíochta agus na hearnála scáileáin trí chéile. Trínár bPlean Inbhuanaitheachta
Cineálta, troidimid ar son cleachtais atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de inár gcuid oibríochtaí laethúla, tacaímid le táirgeadh inbhuanaithe trí thionscnaimh mhaoiniúcháin agus tionscail agus molaimid dár bhfoireann agus dár gcomhpháirtithe an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú. Feictear dúinn go bhfuil inbhuanaitheacht lárnach chun tionscal scáileáin atá athléimneach, nuálach agus freagrach a chothú, tionscal a bheidh faoi bhláth do na glúnta atá le teacht.
CEISTEANNAMá bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an gcomórtas seo nó leis an bpróiseas earcaíochta, déan teagmháil leis an bhFoireann AD ag recruitment@screenireland.ie. Táimid sásta tuilleadh faisnéise a sholáthar ar an ról, ar an bpróiseas iarratais, nó ar inrochtaineacht agus socruithe réasúnta.
CEARTA IARRTHÓIRÍ: NÓSANNA IMEACHTA ATHBHREITHNITHETá Fís Éireann tiomanta do chothroime agus trédhearcacht ina próisis earcaíochta agus roghnúcháin. Cé nach bhfuil Fís Éireann faoi cheangal foirmiúil ag Cód Cleachtais an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, is amhlaidh a leanaimid a phrionsabail agus a threoir maidir le hiarrataí athbhreithnithe a bhainistiú.
I gcás iarrthóirí ar mian leo athbhreithniú a iarraidh ar aon ghné den phróiseas roghnúcháin, féadfaidh siad déanamh amhlaidh, agus measfar go bhfuil na hiarrataí sin i gcomhréir le spiorad Chód Cleachtais an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Is féidir breathnú ar an gCód ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí:
www.cpsa.ie.
SOCHAIR AG FÍS ÉIREANN- Pá Saoire Máithreachais/Saoire Uchtála.
- Pá Saoire Atharthachta.
- Saoire Tuismitheora
- Saoire Bhreoiteachta Íoctha
- Saoire Mhéala agus Atruach
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Obair Chumaisc (faoi réir róil)
| - Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Cúnamh Oideachasúil
- Pinsean Ranníocach
- Clár Cúnaimh d'Fhostaithe
- Saoire Phósta
- Taxsaver
- Scéim na Rothar chun Oibre
|