Táimid ag lorg Tallann nua i bhFís Éireann chun cur lenár bhfoireann a bhíonn ag fás i gcónaí. Beidh tú mar dhuine de phobal cumasach éagsúil fostaithe a bhfuil sé mar mhisean agus mar phaisean acu forbairt ar Thionscail Scannánaíocht, Dhrámaíocht Teilifíse, Bheochan, Chlár Faisnéise, Mhaisíochtaí Físe agus Chluichíocht Dhigiteach na hÉireann a chur chun cinn agus tacú leis sin.
Mar ghníomhaireacht náisiúnta do thionscal scannánaíochta, drámaíochta teilifíse, beochana agus cláir faisnéise na hÉireann, is é Fís Éireann comhpháirtí cruthaitheach na hearnála, a infheistíonn i dtallann, ildánacht agus fiontar. Faighimid spreagadh ó bhunscéalaíocht a chorróidh an lucht féachana go mothúchánach sa bhaile agus i bhfad i gcéin. Trí réimse leathan tacaíochtaí maoinithe praiticiúla um fhorbairt, léiriú, dáileachán, cur chun cinn agus forbairt scileanna, tugann Fís Éireann tacaíocht don earnáil ag gach céim. Tugaimid tacaíocht do dhéantóirí scannán agus iad i mbun scéalta ealaíonta, cultúrtha agus tráchtála a roinnt go cruthaitheach ar an scáileán.
Ár gCultúr agus ár nGealltanais
Ag Fís Éireann, táimid bródúil cultúr a chothú san ionad oibre, cultúr atá bunaithe ar chruthaitheacht, ionchuimsitheacht agus meas. Trínár gcreat Cineálta, cuirimid an tábhacht chéanna ar fholláine, ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, ar an inbhuanaitheacht, agus ar an gcothromas, ar an éagsúlacht agus ar an ionchuimsitheacht (CÉI). Tacaímid go gníomhach lenár gcuid fostaithe ionas go mbeidh siad faoi bhláth go pearsanta agus go gairmiúil, agus deiseanna á dtairiscint againn chun a gcuid scileanna a fhás, rannchuidiú le tionscadail fhiúntacha agus a bheith mar chuid de phobal comhoibríoch. Táimid tiomanta do lucht saothair a chruthú lena léirítear éagsúlacht an lucht féachana ar a bhfreastalaímid agus na scéalta a dtacaímid leo ar an scáileán. Cuirimid fearadh na fáilte roimh iarratais ó dhaoine a mbaineann gach cúlra, eispéireas agus peirspictíocht leo agus a chomhlíonann riachtanais an róil, agus déanaimid an t‑ionchur uathúil a thugann gach duine dár n‑eagraíocht a cheiliúradh.
FORLÉARGAS AR AN RÓL
Freagrach don Bhainisteoir Oifige, tá ról lárnach ag sealbhóir an phoist maidir le tacú le hoibriú éifeachtach laethúil oifig Bhaile Átha Cliath agus maidir le cur le timpeallacht oibre atá gairmiúil, éifeachtúil agus fáilteach.
Díríonn an ról ar sholáthar an fháilteachais, ar chomhordú oifige agus ar sheirbhísí tacaíochta riaracháin ar ardchaighdeán a sholáthar. Ag gníomhú mar phointe teagmhála lárnach don fhoireann agus do pháirtithe leasmhara seachtracha, éascóidh sealbhóir an phoist cumarsáid éifeachtach, cinnteoidh sé nó sí seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí ar bhonn leanúnach, agus tacóidh sé nó sí le comhordú réidh gníomhaíochtaí oifige.
Ag obair mar chuid d'fheidhm struchtúrtha agus chomhoibríoch, feidhmíonn an ról laistigh de phróisis agus de thosaíochtaí seirbhíse atá sainmhínithe go soiléir, ag cinntiú go mbíonn comhsheasmhacht, éifeachtúlacht, agus cur chuige comhordaithe ann i leith tacaíocht riaracháin a chuireann le feidhmiú éifeachtúil Fhís Éireann, agus a chothaíonn timpeallacht oifige atá éifeachtúil, gairmiúil agus fáilteach ag an am céanna
FORBHREATHNÚ AR AN bhFEIDHM
Is príomhchuid oibríochtúil í feidhm na Bainistíochta Oifige i bhFís Éireann, lena gcinntítear go soláthraítear seirbhísí tacaíochta san áit oibre agus seirbhísí tacaíochta corparáidí go héifeachtach ar fud na heagraíochta. Tá an fheidhm seo freagrach as timpeallachtaí oifige fisiciúla a reáchtáil, lena n-áirítear bainistiú na saoráidí, pleanáil spáis, comhordú soláthraithe agus soláthair, agus comhlíonadh sláinte agus sábháilteachta.
Leis an bhfeidhm sin, cuirtear go mór le cumarsáid inmheánach, tionscnaimh folláine foirne, agus pleanáil leanúnachais gnó. Trí chleachtais inbhuanaitheachta a chomhtháthú le hoibríochtaí laethúla, tacaíonn feidhm na Bainistíochta Oifige le tiomantas níos leithne Fhís Éireann don fhreagracht chomhshaoil agus feabhas eagraíochtúil. Tá ról ríthábhachtach aige maidir le timpeallacht oibre atá gairmiúil, ionchuimsitheach, táirgiúil a mhúnlú don fhoireann, do pháirtithe leasmhara, agus do chuairteoirí.
GRÁD AN PHOIST
Bítear ag súil chun go mbeadh na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha ann don phost, go mbeidh Oifigeach Cléireachais ar leibhéal an Chéad Phointe.
LÍNE NÓ LÍNTE TUAIRISCITHE
Tá an ról seo freagrach don Bhainisteoir Oifige agus oibreoidh an t-iarrastóir rathúil go dlúth le gach foireann de chuid Fhís Éireann, chun cumarsáid éifeachtach agus sineirge foirne a chinntiú. Féadfar athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar struchtúir tuairiscithe chun riachtanais ghnó a léiriú.
PRÍOMHFHREAGRACHTAÍ
Príomhfhreagrachtaí
Seirbhís do Chustaiméirí & Fáilteachas
- Gníomhú mar an chéad phointe teagmhála do gach cuairteoir agus páirtí leasmhar, ag soláthar seirbhís fáilteachais atá gairmiúil, fáilteach agus freagrúil.
- Faireachán a dhéanamh ar bhoscaí ríomhphoist comhroinnte agus iad a bhainistiú, ag cinntiú go dtabharfar tosaíocht do chomhfhreagras, go gcuirfear i gcrích é, agus go ndéileálfar go héifeachtúil leis nó go ndéanfar é a atreorú/a chur ar aghaidh i gcás inarb iomchuí ar bhealach tráthúil agus eagraithe.
- Faisnéis agus treoir shoiléir a sholáthar i gcomhréir le seirbhísí agus próisis eagraíochtúla.
- Déileáil le ceisteanna agus gearáin ar shlí ghairmiúil, ag cinntiú seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí ar bhonn leanúnach.
Riarachán & Comhordú Oifige
- Tacaíocht riaracháin a chur ar fáil d'oifig Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear comhordú seomra cruinnithe agus oibríochtaí oifige ó lá go lá.
- Soláthairtí oifige agus soláthar stáiseanóireachta a bhainistiú, ag cinntiú go mbíonn rialú éifeachtach ar stoc agus luach ar airgead.
- Córais eagraithe chomhdúcháin agus bainistíochta taifead a choinneáil i gcomhréir le caighdeáin eagraíochtúla.
Tacaíocht Oibríochtúil & Eagraíochtúil
- Cuidiú le cruinnithe, imeachtaí, tionscnaimh foirne agus gníomhaíochtaí ionduchtaithe a eagrú.
- Tacaíocht ghinearálta riaracháin agus lóistíochta a sholáthar, lena n-áirítear áirithintí, cúraimí comhordúcháin agus iontráil sonraí.
- Tacú le feidhmeanna eagraíochtúla, lena n-áirítear Margaíocht agus Cumarsáid, de réir mar is gá le linn buaic-amanna.
Saoráidí, Sláinte & Sábháilteacht
- Tacú le comhordú agus eagrú saoráidí oifige, lena n-áirítear gluaiseachtaí cartlainne.
- Cuidiú le riachtanais Sláinte agus Sábháilteachta agus tionscnaimh folláine foirne a chur chun feidhme.
- Tacaíocht a chur ar fáil do phróisis slándála oifige, lena n-áirítear rochtain agus bainistíocht na n-eochracha.
Comhoibriú & Feasacht Eagraíochtúil
- Oibriú i gcomhar le comhghleacaithe ar fud Fhís Éireann chun tacú le soláthar éifeachtach seirbhíse.
- Tuiscint a fhorbairt agus a choinneáil ar ghníomhaíochtaí, ar chláir agus ar sheirbhísí eagraíochtúla chun tacú le rannpháirtíocht chruinn na bpáirtithe leasmhara.
Tuairisciú & Riarachán Ginearálta
- Gnáth-thuarascálacha a ullmhú agus tacaíocht riaracháin a chur ar fáil de réir mar is gá.
- Tabhairt faoi dualgais éagsúla chléireachais atá oiriúnach don ról, ag léiriú solúbthachta mar fhreagairt ar riachtanais ghnó.
Luachanna Eagraíochtúla
- Tacú le tiomantas Fhís Éireann don Éagsúlacht, don Chothromas agus don Ionchuimsitheacht agus é a chur chun cinn.
- Cur le timpeallacht oibre ghairmiúil, mheasúil agus chomhoibríoch.
- Tabhairt faoi dhualgais bhreise atá ailínithe le cineál agus leibhéal an róil, de réir mar is gá.
Cuirfidh an sealbhóir poist le hobair na foirne ar bhealach solúbtha, ag tabhairt tacaíochta do chomhghleacaithe le gníomhaíochtaí atá ailínithe le grád an Oifigigh Chléireachais. Leis an gcur chuige comhoibríoch sin, cinntítear deiseanna d’fhoghlaim chomhroinnte, forbairt ról agus freagrúlacht do thosaíochtaí foirne.
Níl sé beartaithe go gcuimseoidh an sainchuntas poist liosta cuimsitheach de ghníomhaíochtaí, dualgais nó freagrachtaí. D’fhéadfadh sé go sannfaí dualgais bhreise bunaithe ar riachtanais oibríochtúla gnó.
PRÍOMHRIACHTANAIS BHUNRIACHTANACHA
- Duine a léiríonn tiomantas láidir do sheirbhís ghairmiúil, chabhrach agus fhreagrúil a sholáthar do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.
- Duine a oibríonn ar bhealach struchtúrtha agus eagraithe, agus aird mhaith á tabhairt ar mhionsonraí agus ar chruinneas maidir le tascanna a chur i gcrích.
- Duine a dhéanann cumarsáid shoiléir agus éifeachtach, ó bhéal agus i scríbhinn araon, a bhfuil sé ar chumas aige nó aici dul i dteagmháil mar is cuí le raon páirtithe leasmhara.
- Duine a oibríonn go maith mar chuid d’fhoireann, ag tacú le comhghleacaithe agus ag cur go dearfach le timpeallacht oibre chomhoibríoch.
- Duine a ghlacann freagracht as tascanna a chur i gcrích ar ardchaighdeán laistigh d'amlínte comhaontaithe, ag léiriú iontaofachta agus comhsheasmhachta.
- Duine atá in ann tascanna éagsúla riaracháin a bhainistiú agus freagairt do thosaíochtaí atá ag athrú i dtimpeallacht ghnóthach oifige.
- Duine a mbíonn bealach dea-mhúinte, gairmiúil agus sochaideartha aige nó aici i gcónaí, lena n-áirítear nuair a bhíonn sé nó sí ag déileáil le ceisteanna nó le dúshláin.
- Duine a bhfuil inniúlacht aige nó aici i gcórais chaighdeánacha TF a úsáid, lena n-áirítear Microsoft Office (Word, Excel, Outlook agus Teams), agus atá toilteanach córais nua a fhoghlaim.
TRÉITHE INMHIANAITHE
- Réamhthaithí ar bheith ag obair i bhfáiltiú, ar riarachán oifige a dhéanamh, nó ar bheith ag déileáil le custaiméirí.
- Taithí ar bheith ag obair i dtimpeallacht ghnóthach oifige nó seirbhíse.
- Dea-scileanna eagrúcháin agus comhordúcháin, agus an cumas cúraimí iomaíocha a bhainistiú.
- Duine a léiríonn iontaofacht, tionscnaíocht agus cur chuige dearfach i leith na hoibre.
- Feasacht ar phrionsabail na hÉagsúlachta, an Chothromais agus an Ionchuimsithe.
- Inniúlacht ar an nGaeilge.
PRÍOMHSCILEANNA NÓ PRÍOMHINNIÚLACHTAÍ
I gcomhréir le Creat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tabharfaidh iarrthóirí faoi mheasúnú agus cuirfear agallaimh orthu a bheidh dírithe ar na Croí‑Inniúlachtaí seo a leanas:
- Ullmhacht don Todhchaí a Chothú
- Soláthar Bunaithe ar Fhianaise
- Cumarsáid a Dhéanamh agus Comhoibriú
*Tá Gnáth‑théacs inrochtana den Chreat Inniúlachta le haghaidh na ngrád éagsúil de chuid na hearnála poiblí le fáil ag: Creat Inniúlachta
1. Croí‑Inniúlacht: Ullmhacht don Todhchaí a Chothú
Léireoidh sealbhóir an phoist go bhfuil sé nó sí toilteanach foghlaim agus dul in oiriúint do bhealaí nua oibre, lena n-áirítear córais, uirlisí agus próisis nua a úsáid. Léireoidh sé nó sí oscailteacht maidir le hathrú agus tapóidh sé nó sí deiseanna chun a c(h)uid scileanna agus eolais a fhorbairt chun tacú lena ról. Lorgóidh sé nó sí treoir agus aiseolas chun tacú lena gcuid forbartha agus cuirfidh sé nó sí foghlaim i bhfeidhm chun feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear tascanna i gcrích, rud a chuirfidh le timpeallacht oibre níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.
2. Croí‑Inniúlacht: Soláthar Bunaithe ar Fhianaise
Tacóidh sealbhóir an phoist le soláthar éifeachtach seirbhíse trí oibriú le faisnéis, le sonraí agus le próisis sheanbhunaithe ar bhealach cruinn agus eagraithe. Leanfaidh sé nó sí nósanna imeachta, úsáidfidh sé nó sí córais iomchuí, agus cinnteoidh sé nó sí go gcuirfear an obair i gcrích ar ardchaighdeán agus laistigh d'amlínte comhaontaithe. Tabharfaidh sé nó sí tosaíocht don ualach oibre, tarraingeoidh sé nó sí aird ar shaincheisteanna nuair a thagann siad chun cinn, agus cuirfidh sé nó sí le feabhas leanúnach trí bhealaí praiticiúla a shainaithint chun bealaí oibre níos éifeachtúla a chur chun cinn.
3. Croí‑Inniúlacht: Cumarsáid agus Comhoibriú
Déanfaidh sealbhóir an phoist cumarsáid shoiléir agus ghairmiúil le comhghleacaithe agus le páirtithe leasmhara, go pearsanta agus trí chainéil scríofa agus dhigiteacha araon. Cuirfidh sé nó sí faisnéis chruinn ar fáil agus freagróidh siad ceisteanna ar bhealach tráthúil agus dea-mhúinte. Oibreoidh sé nó sí go héifeachtach mar chuid d’fhoireann, ag tógáil caidrimh dhearfacha oibre agus ag tacú le timpeallacht oibre chomhoibríoch agus mheasúil. Léireoidh sé nó sí discréid agus gairmiúlacht, go háirithe agus faisnéis íogair á láimhseáil aige nó aici.
4. Croí‑Inniúlacht: Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht
Tacóidh an sealbhóir poist le tiomantas Fhís Éireann don chomhionannas, don éagsúlacht agus don ionchuimsitheacht agus cloífidh sé/sí leis sin trí chothromas agus meas a chinntiú i ngach idirghníomhaíocht. Bainfidh siad úsáid as teanga agus cleachtais chuimsitheacha, beidh siad ar an eolas faoi riachtanais agus eispéiris éagsúla, agus cuirfidh siad le hionad oibre a chruthú ina mbraitheann gach duine go bhfuil meas orthu agus do dtacaítear leo. Bainfidh siad leas as deiseanna foghlama a bhaineann le CÉI agus cuirfidh siad na léargais sin i bhfeidhm ina gcuid oibre agus cumarsáide laethúla.
SONRAÍ AGUS TÉARMAÍ AN RÓIL
- Tá an post seo ar leibhéal Oifigeach Cléireachais agus baineann tuarastal de €31,604.90 in aghaidh na bliana leis. Líonfar an ról seo de réir an Bheartais Íocaíochta Poiblí ar an gcéad phointe den Scála Tuarastail ach gurb é go gceaptar an t-iarratasóir rathúil ó ról reatha san earnáil phoiblí. Cur i bhfeidhm Choigeartuithe Pá an 1 Feabhra 2026
- Is post buan lánaimseartha é seo.
- Beidh ar an iarrthóir rathúil Cód Iompair Fhís Éireann a shíniú.
- Beidh tréimhse phromhaidh 6 mhí i gceist leis an ról.
- Beidh sé nó sí freagrach go díreach don Bhainisteoir Oifige.
- Beidh an post lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus is ról go hiomlán ar an láthair é.
- Saoire bhliantúil (gan laethanta saoire bainc san áireamh) de 22 lá.
- Dáta Tosaithe chomh luath agus is féidir.
INCHÁILITHEACHT CHUN DUL SAN IOMAÍOCHT AGUS SRIANTA ÁIRITHE AR INCHÁILITHEACHT
Riachtanais Saoránachta. Ní mór d'Iarrthóirí Incháilithe:
- A bheith ina saoránach den Limistéir Eorpach Eacnamaíoch. Tá an LEE comhdhéanta de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua;
- A bheith ina saoránach den Ríocht Aontaithe (RA);
- A bheith ina saoránach de chuid na hEilvéise de bhun an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis maidir le saorghluaiseacht daoine; nó Saoránach neamh-LEE a bhfuil víosa le stampa uimhir 4 nó víosa le stampa uimhir 5 aige/aici.
Chun cáiliú, ní mór d'iarrthóirí a bheith incháilithe faoin dáta a thairgtear aon phost.
PRÓISEAS IARRATAIS
Cuirtear fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil spéis acu sa ról CV mionsonraithe ina leagtar béim ar thaithí ábhartha mar aon le litir chumhdaigh a chur ar aghaidh faoi rún iomlán ach cliceáil ar nasc an fholúntais ar ár suíomh gréasáin.
DÁTA DEIRIDH D’IARRATAIS: 5.00i.n., 13 Aibreán 2026
IARRATAIS: RIACHTANAIS NA LITREACH CUMHDAIGH
Mar chuid de do litir chumhdaigh, ba cheart duit na scileanna agus an taithí atá agat a chomhlíonann riachtanais an phoist a leagan amach. Beidh na hiarratais go huile agus go hiomlán faoi rún. I gcomhréir le creat inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tabharfaidh iarrthóirí ar an ról seo faoi mheasúnú agus cuirfear faoi agallamh iad ina ndíreofar ar Chreat Inniúlachta na Seirbhíse Poiblí do leibhéal an Oifigigh Chléireachais ach gan bheith teoranta dó sin.
IARRATAIS: CEISTEANNA DON LITIR CHUMHDAIGH
Iarraimid ar gach iarrthóir litir chumhdaigh a chur isteach mar chuid dá iarratas nó dá hiarratas. Sa litir chumhdaigh, iarrtar ort na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt:
Ceisteanna Scagtha le haghaidh Litir Chumhdaigh
- Cén fáth a bhfuil tú ag cur isteach ar ról an Fháilteora ag Fís Éireann, agus céard iad na gnéithe den phost is láidre a oireann do do scileanna, do thaithí agus do spéiseanna gairme?
- Cad iad na láidreachtaí atá agat a chuirfeadh leis an ról seo, go háirithe i dtaca le seirbhís do chustaiméirí, eagrúchán agus tacaíocht riaracháin i dtimpeallacht ghnóthach oifige?
- Déan cur síos ar do thaithí i ról fáilteachais nó i ról ina mbítear ag déileáil le custaiméirí. Conas a chinntigh tú seirbhís ghairmiúil, fháilteach agus éifeachtúil agus tú ag déileáil le cuairteoirí, glaonna agus ceisteanna ginearálta?
- Tabhair sampla den chaoi ar bhainistigh tú raon tascanna riaracháin (m.sh. ríomhphoist, sceidealú, taifid nó comhordú) ag an am céanna. Conas a d’fhan tú eagraithe, conas a thug tú tosaíocht do d’ualach oibre agus conas a chinntigh tú cruinneas?
- Déan cur síos ar do thaithí ar bheith ag obair mar chuid d’fhoireann agus ar bheith ag láimhseáil freagrachtaí comhroinnte (amhail boscaí isteach comhroinnte nó ceisteanna ginearálta). Conas a chinntíonn tú freagairtí tráthúla agus comhoibriú éifeachtach le comhghleacaithe?
Ní chuirfear iarrthóirí nach bhfreagraíonn na ceisteanna riachtanacha ina litir chumhdaigh ar an ngearrliosta.
GEARRLIOSTÚ
Féadfaidh Fís Éireann, i gcás inar gá, próiseas gearrliostaithe a chur i bhfeidhm chun an líon iarrthóirí a théann ar aghaidh chuig céim an agallaimh a bhainistiú. Cé gur féidir go gcomhlíonfaidh iarrthóirí na critéir incháilitheachta shonraithe, is féidir nach mbeidh sé praiticiúil gach duine a ghlao ar aghaidh le haghaidh measúnú mar gheall ar an líon iarratas.
Sna himthosca sin, beidh an gearrliostú bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn tú i do litir chumhdaigh agus curriculum vitae, agus ar fhreagraí ar na ceisteanna a leagtar amach sa sainchuntas poist. Cuirfear béim ar leith ar conas a léiríonn iarrthóirí na croí‑inniúlachtaí is gá, mar a leagtar amach i gCreat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, i dteannta aon tréithe inmhianaithe a sainaithníodh don ról.
Ceapadh an próiseas sin le go sainaithneofar na hiarrthóirí sin is mó a thagann le riachtanais an róil, bunaithe ar an bhfianaise a sholáthair siad ina n‑iarratas. Ní thugtar le fios leis sin go bhfuil iarrthóirí eile mí‑oiriúnach nó nach féidir leo tabhairt faoin ról; ina ionad sin, cinntítear leis sin go dtugtar cuireadh chun agallaimh dóibh sin ar cosúil go bhfuil ailíniú a gcuid cáilíochtaí, taithí agus inniúlachta ar an ailíniú is ábhartha.
AN PRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN
Is féidir go n‑áireofar ceann amháin nó níos mó de na céimeanna seo a leanas sa phróiseas roghnúcháin do róil laistigh d’Fhís Éireann:
- Gearrliostú iarrthóirí bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh ina n‑iarratas (CV agus litir chumhdaigh).
- Cleachtadh nó measúnú scríofa, agus is féidir go reáchtálfar sin ar líne nó i láthair go pearsanta.
- Cur i láthair nó cleachtaí eile atá ábhartha maidir leis an ról.
- Agallamh nó agallaimh, a dhéantar ar líne nó i láthair go pearsanta.
- Samplaí oibre nó tástálacha nó measúnuithe eile a mheastar a bheith iomchuí don phost.
I gcás iarrthóirí dár tugadh cuireadh páirt a ghlacadh in aon chéim den phróiseas, soláthrófar sonraí iomlána dóibh roimh ré. Is faoi na hiarrthóirí atá sé a chinntiú go mbeidh a gcuid sonraí teagmhála cruinn agus cothrom le dáta.
Má thugtar cuireadh chun agallaimh nó measúnaithe duit agus mura bhfuil tú in ann freastal air ag an tráth sonraithe, is féidir nach mbeifear in ann athsceidealú, agus is féidir go measfar gur tarraingíodh d’iarratas siar ón gcomórtas.
TREOIR D’IARRTHÓIRÍ
Chun cothroime agus comhsheasmhacht a chinntiú, moltar do na hiarrthóirí uile a gcuid freagraí iarratais agus agallaimh a struchtúrú agus úsáid á baint as an modh STAR:
- S – Situation (Staid): Leag amach an cúlra nó an comhthéacs.
- T – Task (Tasc): Mínigh an dúshlán nó an fhreagracht a bhí os do chomhair.
- A – Action (Gníomhaíocht): Déan cur síos ar na céimeanna sonracha a thóg tú.
- R – Result (Toradh): Comhroinn an toradh, an fhoghlaim nó an tionchar.
Le linn an phróisis roghnúcháin, déanfar measúnú ar na hiarrthóirí in aghaidh na gCroí-Inniúlachtaí a leagtar amach i gCreat Inniúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí don ghrád ábhartha. Molaimid go mór d’iarrthóirí:
- Tagairt a dhéanamh d’inniúlachtaí an ghráid ábhartha agus samplaí á n‑ullmhú acu.
- Samplaí soiléire, sonracha a roghnú lena léirítear conas atá a dtaithí ag teacht leis na riachtanais inniúlachta.
- Saineolas teicniúil nó gairmiúil agus inniúlachtaí iompraíochta araon a léiriú ina gcuid freagraí.
RÚNDACHT
Faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, déileálfar le hiarratais faoi rún daingean.
COSAINT SONRAÍ
Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir lenár bhFógra Príobháideachais d’Fhostaithe.
TIOMANTAS DON CHOMHIONANNAS, DON ÉAGSÚLACHT AGUS DON IONCHUIMSITHEACHT
Is fostóir comhdheiseanna é Fís Éireann agus tá sé tiomanta ionad oibre cuimsitheach a chothú a chuireann luach ar éagsúlacht na foirne oibre agus a bhaineann tairbhe as an éagsúlacht chéanna. Tá Fís Éireann faoi choimirce na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.
Tá Fís Éireann tiomanta do rath an tionscail amach anseo trí infheistíochtaí straitéiseacha i dtallann agus i scileanna a bhfuil éagsúlacht, cothromas agus ionchuimsiú ag a gcroílár. Tuigimid go bhfuil sé ríthábhachtach cultúr dearfach a chothú, agus luachanna cothroime, inbhuanaitheachta, éagsúlachta, cothromais agus ionchuimsitheachta mar bhonn agus mar thaca aige, chun tallann a mhealladh agus a choinneáil.
Mar eagraíocht ionchuimsitheach, oibrímid go gníomhach i dtreo éagsúlacht agus ionchuimsiú a chur chun cinn ar fud na hearnála scáileáin ar fad. Cinntíonn ár gcur chuige ionchuimsitheach maidir le hacmhainn a thógáil go bhfuil gach tionscnamh deartha le go mbeidh sé inrochtana do chách, rud a léiríonn ár dtiomantas do thionscal éagsúil agus cothrom. Inár ngníomhaíochtaí earcaíochta, tugaimid tús áite d'fhórsa saothair a chruthú a léiríonn éagsúlacht agus comhionannas, ag leagan síos tagarmharc nua le haghaidh barr feabhais agus uilechuimsitheachta. Cuireann Fís Éireann fáilte roimh chách a bheith linn ar an aistear seo i dtreo tionscal scáileáin a mhúnlú ina ndéantar ceiliúradh ar thallann chomhchoiteann agus an neart atá le fáil san ilchineálacht.
INROCHTAINEACHT AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA
Tá Fís Éireann tiomanta do phróiseas earcaíochta ionchuimsitheach agus inrochtana a chinntiú. Má éilíonn tú socruithe réasúnta ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin, cuir ar an eolas muid ach ríomhphost a chur chuig recruitment@screenireland.ie. Déanfaimid gach iarracht chun na socruithe is gá a sholáthar chun tacú le do rannpháirtíocht.
Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi inrochtaineacht nó faoin bpróiseas socruithe, déan teagmháil lenár bhFoireann Acmhainní Daonna mar a leagtar amach san fhógra poist ábhartha ar ár Leathanach folúntas.
ÁR dTIOMANTAS DON INBHUANAITHEACHT
Tá Fís Éireann tiomanta d’inbhuanaitheacht a leabú ar fud ár n‑eagraíochta agus na hearnála scáileáin trí chéile. Trínár bPlean Inbhuanaitheachta Cineálta, troidimid ar son cleachtais atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de inár gcuid oibríochtaí laethúla, tacaímid le táirgeadh inbhuanaithe trí thionscnaimh mhaoiniúcháin agus tionscail agus molaimid dár bhfoireann agus dár gcomhpháirtithe an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú. Feictear dúinn go bhfuil inbhuanaitheacht lárnach chun tionscal scáileáin atá athléimneach, nuálach agus freagrach a chothú, tionscal a bheidh faoi bhláth do na glúnta atá le teacht.
CEISTEANNA
Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an gcomórtas seo nó leis an bpróiseas earcaíochta, déan teagmháil leis an bhFoireann AD ag recruitment@screenireland.ie. Táimid sásta tuilleadh faisnéise a sholáthar ar an ról, ar an bpróiseas iarratais, nó ar inrochtaineacht agus socruithe réasúnta.
CEARTA IARRTHÓIRÍ: NÓSANNA IMEACHTA ATHBHREITHNITHE
Tá Fís Éireann tiomanta do chothroime agus trédhearcacht ina próisis earcaíochta agus roghnúcháin. Cé nach bhfuil Fís Éireann faoi cheangal foirmiúil ag Cód Cleachtais an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, is amhlaidh a leanaimid a phrionsabail agus a threoir maidir le hiarrataí athbhreithnithe a bhainistiú.
I gcás iarrthóirí ar mian leo athbhreithniú a iarraidh ar aon ghné den phróiseas roghnúcháin, féadfaidh siad déanamh amhlaidh, agus measfar go bhfuil na hiarrataí sin i gcomhréir le spiorad Chód Cleachtais an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Is féidir breathnú ar an gCód ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí: www.cpsa.ie.
SOCHAIR AG FÍS ÉIREANN
- Pá Saoire Máithreachais/Saoire Uchtála.
- Pá Saoire Atharthachta.
- Saoire Tuismitheora
- Saoire Bhreoiteachta Íoctha
- Saoire Mhéala agus Atruach
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Obair Chumaisc (faoi réir róil)
| - Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Cúnamh Oideachasúil
- Pinsean Ranníocach
- Clár Cúnaimh d'Fhostaithe
- Saoire Phósta
- Taxsaver
- Scéim na Rothar chun Oibre
|